The Corkman

An bhfuil tú cróga go leor? Nílimse!

-

TAMALL de bhlianta ó shin, nuair a bhíos agus na páistí níos óige, thugamar chuairt ar Tayto Park ar mhaithe leis an spórt, agus d’fhanamar i scuaine go ceann cúpla uair a chloig chun dul ar an zip-líne is faide sa tír. Go dtí gur sháraigh an mí-fhoighde sinn agus gur fhagamar an pháirc spraoi ar fad.

Bhíomar i gCopenhage­n cúpla bliain ina dhiaid sin, ag Páirc Spraoi na Tivoli Gardens, áit draoichtúi­l taca an Nollaig. Ní raibh aon scuainí ansin cé go raibh sluaite ann gan amhras. Bhí go leor marcaíocht­aí ann chun gach éinne a shásamh agus bhí na páistí ana shásta. Bhíos féin ag crith le h-eagla.

Anois tá rollchostó­ir ollmhór ar a dtugtar Cúchulainn i gContae na Mí, agus tá cuma scanrúil air.

Seans go mbeadh spéis ag mo pháistí dul ar an gceann seo. Tá sé scanrúil go leor dóibh.

Is deas liom go bhfuil rud éigean mar seo ann agus Cúchulainn mar ainm air. Ba laoch é Cúchulainn, agus is laoch é an duine a rachadh ar an rollchostó­ir seo.

Seachain do cheann!

 ??  ??

Newspapers in English

Newspapers from Ireland