Áis eo­laíochta náisiúnta?

The Irish Times - - Arts & Ideas - Éanna Ó Caol­laí

Leath na súile le hion­tas orm aim­sir na Nol­lag nu­air a tháinig mé ar fhoirgneamh breá nua-thógtha ar dhroim ard Áth an Ghain­imh i ndeis­ceart Chon­tae Átha Cliath.

Bhí sé cloiste agam go raibh a lei­théid d’áit ann ach ní raibh súil ar bith agam leis an áras nua-aoiseach a nochtadh os mo chomhair amach. Ba ion­tach an rad­harc é.

Cuid súl ab ea an díon órga a bhí lon­rach faoi sholas ghrian an Gheimhridh. Crochta in airde go toirtéiseach os cionn an do­rais a bhí ainm scríob­htha as Béarla amháin - “Ex­plo­rium - Na­tional Sport & Sci­ence Cen­tre”.

Chuimh­nigh mé go raibh caint ann chomh fada siar leis na 1990dí go dtóg­faí ionad náisiúnta eo­laíochta i mBaile Átha Cliath.

Nach maith an rud é go bh­fuil an Stát tar éis an infheis­tiú seo a dhéanamh, a dúirt mé liom féin. Bhí cuma sách galánta ar dhéanamh agus ar dhear­adh an fhoirgn­imh úr­nua seo agus cé nach raibh an taobh amuigh go hiom­lán críochnaithe, ba léir go raibh costas mór ag baint leis.

Mar sin féin, b’ait liom nach raibh scéal ar bith cloiste agam le píosa maith faoin “Ex­plo­ration Sta­tion: Na­tional Chil­dren’s Sci­ence Cen­tre” - an t-ainm a tu­gadh ar thogra an Stáit nu­air a bhí sé faoi chaibidil ar dtús.

Mar ba dhual do dhío­graiseoir ar bith chuardaigh mé an taobh amuigh go grinn, mé ag súil le fó­gra a thab­har­fadh le fios cé ar leis an áit - ach ní raibh fo­cal le fe­iceáil as Gaeilge nó as Béarla.

Isteach liom ar aon nós leis an táille ion­trála a íoc. Dúradh liom nach raibh an Ex­plo­rium os­cailte go hoifigiúil fós ach gur ‘os­cailt bhog’ a bhí ann.

Sách daor a bhí sé freisin - €28 ar chuair­te­oirí (sé sin, éinne atá ós cionn ocht mbli­ain d’aois!) agus ¤12 ar ‘pháistí’ (sé sin, éinne idir 2-7 mbli­ain d’aois).

“Meas tú” adúirt mé liom féin, “an éire­odh leis an stát táille dhuine fhásta a éileamh ar ghasúir ós cionn ocht mbliana d’aois?”

“Ní féidir, adeirim, gur leis an Stát an áit seo!” Ní bheadh an táille chomh hard sin dá mba leis é. Chuireas ceist agus dúradh liom nárbh leis an Stát é.

Ach, chonaic mé na fo­cail ‘Na­tional’ agus ‘Cen­tre’ san ainm. Conas a bh­féad­faí ionad ‘Náísiúnta’ a thab­hairt ar a lei­théid d’áit muna bh­fuil an Stát ina bhun?

Tar­raingíonn sin ceist an­uas. An mar an gcéanna atá brí an fho­cail ‘Náisiúnta’ nu­air is in­sti­tiúid poiblí nó comh­lacht gnó atá i gceist?

De réir ri­alacha an Oi­fig Um Ch­lárú Cuideach­taí, (an dream a dhéanann cuideach­taí nu­ab­hu­naithe a ch­lárú) ní gh­lac­far le hainm nó trádmharc más rud é go dtug­tar ur­raíocht stáit le fios.

An­uas ar sin, ní féidir fo­cail áirithe a úsáid gan chead ar leith. Mar sham­pla, ní féidir na fo­cail “banc”, “baincéireacht” nó “baincéir” a úsáid gan cead a fháil ó Bhanc Cean­nais na hÉire­ann.

Tá cosc freisin ar roinnt fo­cail ar nós “cumann” agus “caighdeán” ach níl srian ar bith, de réir deal­raimh, ar úsáid an fho­cail ‘náisiúnta’.

Bíodh sin mar atá in Éirinn, ní amh­laidh atá i dtíortha eile. San Ind, mar sham­pla, cuirtear bac ar úsáid an fho­cail ‘na­tional’ mar go dtu­gann sé le fios go bh­fuil ur­raíocht de chineál éi­gin tugtha ag an Stát.

De réir rái­tis a d’eisigh Oi­fig na nOi­breacha Poiblí dúinn, tá sé fós i gceist go dtóg­far an t-ionad nua eo­laíochta ar thailte an Che­olárais Náisiúnta mar chuid de phlean Ceathrú Chultúrtha a fhor­bairt in Ardán Phort an Iarla.

Tu­gadh cead pleanála don scéim i mí an Deireadh Fómhar, 2016. Dúirt Oi­fig na nOi­breacha Poiblí go bh­fuil súil acu go dtosó­far an tógáil sa dara leath den bh­li­ain seo chugainn. Tá siad i mbun comhair­leoirí a chea­padh faoi láthair agus meas­tar go dtóg­faí sé thart ar dhá bh­li­ain an tógáil a chur i gcrích.

Ó thaobh ainm na háite de, dúirt an t-urlabhraí go mbeadh frea­gracht mar­gaíochta faoi ri­arthóirí an ion­aid. Sé po­lasaí an Stáit go mbeadh an lea­gan Gaeilge agus lea­gan Béarla den ainm ar ion­aid oifigiúla agus go mbeadh sé le fe­iceáil ar gach comhartha.

Pé rud é faoin bh­fo­cal ‘náisiúnta’ a bheith in úsáid san ainm, bheadh duine ag súil go gcomh­líon­far na du­al­gais agus go mbeadh an lea­gan Gaeilge ar na comharthaí freisin.

GRIANGRAIF: MARK STEDMAN

Ce­olfhoire­ann Náisiúnta Óige na hÉire­ann ag seinnt sa Che­oláras Náisiúnta. Tá sé fós i gceist go dtóg­far an t-ionad nua eo­laíochta ar thailte an Che­olárais.

Newspapers in English

Newspapers from Ireland

© PressReader. All rights reserved.