An Ghaeltacht
Beidh cruinniú Chinn Bhliana Cumann Caide Ban Chorca Dhuibhne ar siúl Dé Domhnaigh,22ú Eanair,i mbunscoil an Chlochair, An Daingean ar a 4.30 pm. Clárófar na cailíní ó Rang a 1 ar aghaidh, ar mhaith leo na scileanna peil a fhoglaim agus a imirt, ag an gcruinniú
seo. BAINISTÍOCHT NUA - Comhgháirdeachas le Muiris Ó Fiannachta ó Bhaile an Chóta i bhfionn Trá atá ainmnithe ina bhainisteoir ar fhoireann sinsear caide na Gaeltachta. Beidh Brian Ó Moráin ó Bhaile Riach i bparóiste Chill Drom ina thraenálaí fisiciúil ag an fhoireann agus Diarmuid Ó Beaglaoich ó Bhaile Mhórdhaigh ar an bhfeothanaigh mar dhuine dena chuid roghnóirí ag Muiris. Guímid gach rath orthu triúr. SRAITH CHIARRAÍ THIAR - Tá na dátaí tugtha do shraith Chiarraí Thiar agus is mar seo a bheidh cluichí na Gaeltachta, iad ar fad ag 14.00: 5/2 V Lios Póil Gallarus (G), 12/2 V Caislean an Ghriaire As Baile (AB), 19/2 V Daingean (G), 26/2 Abhainn an Scáil (AB); Cluichí leath cheannais 03&04/03 agus cluiche ceannais 18/3. BALLRAÍOCHT - Is féidir ballraíocht 2012 a bhaint amach anois agus tá cúpla rogha ballraíochta ann. E30 in aghaidh an duine / E100 an clann (beirt fásta agus pé méid leanbh faoi 18) atá ar bhallraíocht ann féin NÓ E50 an duine / E120 an clann i gcóir ballraíocht + cead isteach go gach cluiche i ngallarus i 2012 in aisce. Is féidir ballraíochta bhaint amach ar an suíomh idirlín http://www.clgnagaeltachta.co m nó tré ríomhphost a chur dtí ballraiocht@yahoo.ie nó tré dul i dteagmháil le Donncha Ó Céilleachair, Baile na Rátha, Dún Chaoin. LOTTO 50/50 BLIANA - Is féidir a chinntiú go mbeir i ngach tarrac lotto 50/50 na Gaeltachta le linn 2012 as seo ar aghaidh ar chostas E90. Is féidir lotto bliana a cheannach ó aon duine de choiste an Lotto nó ón gcoiste feidhmiúchán nó ar an suíomh idirlín ar http://www.clgnagaeltachta.com nó tré seic E90 a sheoladh dtí Donncha Ó Céileachair, Baile na Rátha, Dún Chaoin agus é a mharcáil “Lotto 50/50” COISTE NA NOG - Comhgháirdeachas leis an gcoiste nua a ceapadh ar Choiste na nóg ag a gcruinniú cinn bhliana (2011) a tionóladh ar an 15 EAN. Siad san Cathaoirleach Tomás Ó Cinnéide, Leas Chathaoirleach Mícheál Ó Súilleabháin (Cloghar), Rúnaithe Páidí Ó Sé (Árd na Caithne) Ciarán Mac Gearailt agus Fionnán Ó hógáin, OCP Ciarán Ó Cinnéide, Cláraitheoir agus Cisteoir Máirtín Ó Grifín. LOTTO 50/50 NA GAELTACHTA - Comgháirdeachas le Orna Dunlevy a bhuaigh E300 i dtarrac lotto 50/50 na Gaeltachta a bhí ar siúl i dtábhairne gheata na drioglainne ar an luan 16 EAN. Colm Ó Beaglaoich a bhuaigh duais an díoltóra agus Joe Sheehy a bhuaigh tarrac an tí. Is i dtigh an tsaorsaigh ar an mbuailtín a bheidh tarrac na seachtaine seo chugainn ar an 23 Ean.