Duais Aistritheoirí Óga do dhalta Coláiste Íde
BHAIN Hannah Ní Shearcaigh, dalta ó Coláiste Íde, ceann dos na sé duaiseanna sa chomórtais ‘Aistritheoirí Óga 2018’.
Sé chatagóir atá sa chomórtas: duais d’aistritheoir óg as gach cúige, mórdhuais don aistriúchán is fearr as oileán na hÉireann ar fad agus duais don duine a rinne an t-aistriúchán is fearr ó theanga seachas an Béarla. Ba í Hannah a dhein an t-aistriúchán
- ó Bhéarla go Gaeilge - is fearr i gCúige Mumhan.
Seo an dara huair don Choimisiún Eorpach agus do Rialtas na hÉireann an comórtas bliantúil Aistritheoirí Óga a eagrú. Tá trí sprioc ag an gcomórtas: ardchaighdeán sa Ghaeilge a chur chun cinn, ilteangachas a spreagadh i measc daltaí meánscoile agus spéis daltaí i ngairmeacha teanga a mhúscailt. Ghlac 21 scoil páirt sa chomórtas i mbliana.
Tá an comórtas ina chuid den iarracht fhorleathan atá á déanamh ar dhaoine a chur ar an eolas faoi thábhacht agus tairbhe stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh. Beidh stádas iomlán bainte amach ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh faoi 2022.
Ag labhairt faoi thorthaí an chomórtais, dúirt Aislínn McCrory, Ceann Aonad an Aistriúcháin Gaeilge sa Choimisiún Eorpach, gur “dea-chomhartha do thodhchaí an aistriúcháin is ea caighdeán aistriúcháin na mbuaiteoirí i mbliana”.