Gaelcholáiste Na Mara
EOLAÍ ÓG
Comhghairdeas do na cailiní ó Bhliain 2, Orla, Cáit agus Medb a ghlac páirt sa chomórtas BT Young Scientist san RDS an tseachtain seo chaite. Bhuaigh siad duais da dtaispéantas agus ta pobal na scoile fíor bhrodúil astu agus as a múinteoir eolaíochta Oide Rebecca. CEARDLANN DRAMAÍOCHTA
Beidh scolairí ardteiste ó scoileanna an bhaile ag freastal ar seó grinn bunaithe ar na fiche sraith pictiúir sa béalscrúdú gaeilge .Seó bríomhar, barúil agus spreagúil, lán le stíleanna eagsúila dramaíochta, ceol, puipéidí, idirghníomhíocht, dramaíocht fisiciúil a bheidh ann. Beidh ceardlann ag na daltaí ansin a thabharfaidh deis dóibh obair ar na pictiurí iad fhéin. Spreagfaidh na gníomhaíochtaí na daltaí chun caint ar bhealach an-spraoiúil agus an-nadúrtha. Leagfar béim ollmhór ar an gcumarsáid chun muinín agus misneach a thabhairt dóibh agus iad ag ullmhú don scrúdú cainte. COISTE GLAS
Tá an Coiste Glas ag eagrú “Seachtain an Uisce” sa scoil. I rith na seachtaine beidh obair treas-curaclam ar siul ins na ranganna ar théama an uisce ; beidh gach rang ag féachaint ar scannán faoi thábhacht an uisce agus beidh Lá Gorm ar an Aoine nuair a bhaileofar airgead chun butt-uisce a cheannach chomh maith le bláthanna le cur chun na scoile a mhaisiú. IDIRBHLIAIN
D’fhreastal scolairí na hIdirbliana ar chúrsa dlí Dé Máirt agus Déardaoin na seachtaine seo chaite in éineacht le scolairí ó Ardscoil Chaoimhín. Fuair siad léargas agus tuiscint ar an dlí, na cuairteanna agus cearta mhuintir na hÉireann. Ar an gCéadaoin d’fhreastal an rang ar scannán fraincise “Le Gamin au Vélo” san amharclann Mermaid i mBré agus bhaineadar lán taitneamh as.