Turas le Conradh na Gaeilge go Gaeltacht na Rinne
CHAITH 27 baill de Conradh na Gaeilge Craobh Ghuaire deireadh seachtaine i nGaeltacht na nDéise le déanaí. Bhí siad ag freastal ar chúrsa Ghaeilge a bhí eagraithe dóibh le Coláiste na Rinne.
Bunaíodh an Coláiste i 1905 ag buíon a raibh an grá agus paisean acu don Ghaeilge agus cuireann siad ranganna Gaeilge agus imeachtaí cultúra eile ar fáil d’fhoghlaimeóirí agus cuairteoirí de gach aois ó gach áit ar domhan.
Chomh maith leis na ceachtanna Ghaeilge bhí turas treoraithe Dé Sathairn le eolas agus scealta faoi stair agus oidhreacht an cheantair, ceardlann amhráníochta le iar-buaiteoir Chorn Uí Riada Nell Ní Chrónín, agus oíche mór cheoil i dTigh Uí Mhuirithe le Cór Fear na nDéise, Nell agus an amhránaí sean-nós cáiliúil Jimmí Ó Ceannabháin.
Bhí an cuid is mó do na cuairteoirí ó Ghuaire tar éis freastal go rialta an na ranganna agus na ciorcail comhrá atá ar shiúl ag Conradh Ghuaire sa leabharlann agus i mbaile Ghuaire le roinnt bliain anois.
Bhain siad an-sult agus spraoi as an turas go léir agus tá sé ina ráfla go raibh deoch nó dhó olta agus amhrán canta i rith na deireadh seachtaine freisin.
Mar a duirt cathaoirleach Chonradh Ghuaire, Bróna Ní Chionnfhaolaidh ‘bhí sé go hiontach a bheith ar mbus le grúpa mór ó Loch Garman agus gach duine acu ag labhairt Gaeilge idir a chéile. Tá an suim sa teanga sa cheantair ag dul ó neart go neart agus táimid an-sásta leis sin. Molaimid éinne a bhfuil fonn orthu Gaeilge a labhairt, triail a bhaint as agus ná bí buartha faoi an caighdeán atá agat ar dtús.
‘Táimid go léir ag obair ar ár liofacht agus ar gcruinneas i gconaí. Míle buíochas do na hiar-múinteoirí agus na daoine eile atá ag cabhrú linn agus do leabharlann Ghuaire as ucht na háiseanna atá ar fáil dúinn.’
Leanann an comhrá Ghaeilge ar aghaidh sa leabharlann gach oíche Dé Mairt idir 7:00-8:30 agus sa Loch Garman Dé Sathairn 10:3012:30. Tuilleadh eolais at ár leathanach Facebook no cuir scairt ar 087 9365000.