Irish Independent - Seachtain

Ag súil le tús iontach spleodrach sa tsraith

- Paddy Ó Gríofa

CUIRFEAR tús leis an tsraith náisiúnta peile an deireadh seachtaine seo. Ba cheart go mbeadh tús spleodrach againn le péire de na cluichí á n-imirt faoi na soilse i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Sathairn, agus le seaimpíní na hÉireann, Dún na nGall, agus foireann na hArdchathr­ach, Baile Átha Cliath, ar phéire de na foirne atá páirteach, ba chóir go mbeadh slua breá sa cheannáras.

Sa gcéad cheann de na cluichí tabharfaid­h Cill Dara, atá ag imirt péire dá gcuid cluichí baile i bpáirc an Chrócaigh i mbliana, aghaidh ar Dhún na nGall. Tá foireann bainistíoc­hta nua ag Kieran McGeeney i mbliana agus Jason Ryan agus Damien Hendy tagtha i gcomharbas ar Aidan O’Rourke agus Niall Carew.

Beidh sé suimiúil a fheiceáil cén tionchar a bheidh ag iarbhainis­teoir Loch Garman ar Chill Dara. Ní bheidh Daryl Flynn agus Eamon O’Callaghan ar fáil dóibh go Mí an Mhárta de bharr gortaithe.

Is foireann óg trialach a chuir seaimpíní na hÉireann, Dún na nGall, chun páirce i gcorn McKenna. Beidh Karl Lacey ar lár don tsraith de bharr gortú agus tá neamh-chinnteach­t faoi Mark McHugh. Tá a dheartháir Ryan chomh maith le Mark McCowan ó chlub Naomh Adhamhnáin tugtha isteach ar an bpainéal ag Jim McGuinness.

Seaimpíní

Ina dhiaidh sin i bPáirc an Chrócaigh, tabharfaid­h seaimpíní na sraithe, Corcaigh, atá ag iarraidh a gceathrú sraith as a chéile a bhuachan, aghaidh ar Bhaile Átha Cliath.

Is dea-scéala do Conor Counihan go bhfuil Eoin Cadagon agus Damien Cahalane ag díriú isteach ar an bpeil i mbliana. Beidh siad d’uireasa Paddy Kelly agus Daniel Goulding de bharr gortú ag tús na sraithe.

Beidh go leor airde ar Bhaile Átha Cliath sa tsraith i mbliana agus Jim Gavin ag tosú ina ról mar bhainisteo­ir orthu. D’úsáid sé aon imreoir déag agus tríocha ar fad i rith Chorn Uí Bhroin agus seans go bhfeicfidh muid roinnt d’imreoirí fé-21 na bliana seo caite le linn na sraithe. Tá Alan Brogan fós gortaithe ach is dea-scéala dóibh Ciaran Kilkenny a bheith fillte as an Astráil.

Tráthnóna Dé Sathairn freisin, beidh an Dún agus Tír Eoghain le chéile san Iúr. Bhreathnai­gh Tir Eoghain go maith le linn Chorn Mhic Cionnaith agus beidh Mickey Harte ag súil le

feachtas maith sraithe i ndiaidh dóibh teacht aníos as Roinn a Dó anuraidh.

Tá imreoirí nua tugtha isteach acu ar nós an chúl báire Niall Morgan agus Conor McAliskey agus tá Sean Kavanagh ar ais i ndiaidh an ghortaithe gualainne a d’fhág ar an taobhlíne é an bhliain seo caite.

Ó thaobh an Dúin, tá siadsan d’uireasa Ambrose Rogers, Danny Hughes agus Dan Gordon do thús na sraithe cé go bhfuil Paul McComiskey ar

ais acu i mbliana.

Roinn a hAon

San aon chluiche amháin i Roinn a hAon ar an Domhnach, cuirfidh Maigh Eo fáilte roimh Chiarraí go Caisleán an Bharraigh.

Is léir go bhfuil James Horan ag iarraidh cur lena chuid roghanna sna tosaithe agus é ag úsáid leathchúla­ithe ar nós Lee Keegan agus Richie Feeney sna leatosaith­e le linn shraith FBD agus beidh sé suimiúil mar a éiríodh leo sa tsraith. Tá Tom Cunniffe ar ais acu i mbliana.

Chaith Eamon Fitzmauric­e a shúil ar roinnt imreoirí i gcorn Mhic Craith ar nós Jack Sherwood agus Mikey agus Paul Geaney. Beidh sé d’uireasa lucht na gCrócach chomh maith le Kieran Donaghy atá ar Mhí na Meala do thús na sraithe. Sa cheannáras: At headquarte­rs I gcomharbas ar: As successors to Trialach: Experiment­al

Neamh-chinnteach­t: Uncertaint­y D’uireasa: Without

 ??  ??
 ?? PIC: RAY MCMANUS / SPORTSFILE ?? Cumas: Bhí an t-imreoir Eoin Cadogan, ar dhuine de na himreoirí a bhí ar fhoireann peile Chorcaí anuraidh. Tá trí shraith as a chéile buaite ag Corcaigh go dtí seo.
PIC: RAY MCMANUS / SPORTSFILE Cumas: Bhí an t-imreoir Eoin Cadogan, ar dhuine de na himreoirí a bhí ar fhoireann peile Chorcaí anuraidh. Tá trí shraith as a chéile buaite ag Corcaigh go dtí seo.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland