Ó Céidigh: Ár bhféiniúlacht níos tábhachtaí ná riamh
Tá an fear gnó Pádraig Ó Céidigh ag maíomh go bhfuil ár bhféiniúlacht Éireannach níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh i ndomhan nua níos dlúithe. Bhí fear na Gaillimhe ag labhairt le
Seachtain den chéad uair ó cheap an Taoiseach Enda Kenny ina Sheanadóir é.
Níor éirigh leis an bhfiontraí suíochán a fháil sa Seanad i rith an toghcháin.
“Ba mhór an t-iontas é,” a dúirt an Céideach (ar chlé). “Ní raibh mé ag súil leis toisc nach bhfuil mé, ná nach raibh mé ariamh, i mo bhall d’aon pháirtí polaitiúil. Dá bhrí sin bhí ionadh an domhain orm go raibh mé i measc an 11 Seanadóir a cheap an Taoiseach.” Deir sé go mbraitheann sé gur ról náisiúnta seachas ról áitiúil a bheidh aige anois, ach go mbeadh an Ghaeilge ina cuid de.
“Díreoidh mé ar athchóiriú an tSeanaid maidir leo siúd atá in ann vóta a chaitheamh lena aghaidh, a bheith ina n-iarrthóirí agus maidir leis an méid is féidir leis an Seanad a chur leis an tsochaí go ginearálta,” a dúirt sé.
“Díreoidh mé freisin ar an bhfiontraíocht agus ar chruthú fostaíochta, go háirithe i gceantracha sa tír ina bhfuil ard-dífhostaíocht.
“Tá mé ag iarraidh díriú ar an
oideachas chun é a dhéanamh níos ábhartha agus níos fiúntaí chun sochaí chóir chothrom a thógáil — agus ar ndóigh ar ár dteanga, ár gcultúr agus ár n-oidhreacht.”
Dúirt sé freisin: “Is seoid náisiúnta í an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach atá ag éirí níos tábhachtaí agus níos ábhartha dár bhféiniúlacht agus dár n-uathúlacht mar Éireannaigh. Tá sé seo fíor ar bhealach mar go bhfuil muid níos comhtháite i ngeilleagar Eorpach agus domhanda.
“Ní féidir iachall a chur ar dhaoine Gaeilge a labhairt, caithfidh sé theacht ón gcroí agus ón gcloigeann. Dhá bhrí sin, bíonn sé sin ábhartha i dtéarmaí oideachais agus i dtaithí uathúil a chruthú do dhaoine.
“Creidim go gcuireann na coláistí Gaeilge go mór le forbairt na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh, mar a dhéanann na Gaelscoileanna.”