Irish Independent - Seachtain

Táan ghrian ag scoilteadh na gcloch...tá na scrúduithe linn!

-

Braithim olc dos na scoláirí scrúduithe na laethanta seo agus an aimsir chomh breá san. Níl aon dabht ach go bhfuil sé níos fusa an ceann a chur síos nuair a bhíonn an ghaoth ag séideadh agus an aimsir olc taobh amuigh.

Tá a fhios agam go bhfuil sibhse — lucht na scrúduithe — gnóthach ach cuimhnígí ar an gcuid eile againn atá agus a bhí ag fanacht leis an aimsir bhreá le fada!

Is maith is cuimhin liom nuair a bhíos fhéin ag an bpointe seo dom shaol, bhí an ghrian ag scoilteadh na gcrann agus allas ag sileadh uaim agus ní hin ag an aimsir. Ní dheachaigh na ceisteanna liom an t-am ar fad. Is dócha nach raibh aon locht ar na ceisteanna agus gurb iad na freagraí a lig síos mé.

An méid sin ráite fuaireas 700 pointe sna Ardteist agus níl aon bhréag ansan!

Is am ait é an t-am seo. Ba cheart go mbeadh an obair chruaidh déanta fén dtráth seo ach is minic nach mbíonn agus tá sé sin ceart go leor.

Tá gach éinne ag éisteacht le gach éinne eile agus iad ag rá go bhfuil an méid seo uaireanta an chloig déanta acu agus mar sin dó — ná bacaigí leo! Tugaigí aire do bhur bpaiste fhéinig.

Bhí na daoine sin ann le mo linnese chomh maith agus níl iontu ach clabadóirí!

Deirim gur am ait é mar go dtí seo bhí gach éinne sa rang agus ar an bhfoireann chéanna más maith leat, ach anois is ruathar aonair atá ann.

Rud eile a fuaireas ana-ait ná le linn na scrúduithe bhí na múinteoirí ar fad ana-dheas liom. Dá mbeidís chomh deas san nuair a bhí mé ar scoil seans go mbeinn mar scoláire na bliana!

Bíonn na múinteoirí deasa ann duit ag an am seo. Bíonn siad ar saoire ach bíonn siad ann.

Ní maith liom comhairle a thabhairt mar níor thaithin sé liom í a fháil nuair a bhíos fhéin i mbun scrúduithe, ach déarfaidh mé rud amháin agus sin ‘tá i bhfad níos mó ar eolas agat ná mar a cheapann tú’.

Is fuirist a rá nach bhfuil mórán ar eolas agam fé ábhar éigin agus nuair a shuífidh tú isteach sa halla sin tiocfaidh rudaí chugat. Tharla sé seo dúinn ar fad agus tharla sé nach mór gach uair a dheineas scrúdú.

Dúirt níos luaithe go bhfuaireas 700 pointe agus fuaireas. Dheineas fé dhó é agus nuair a chuireann tú an dá scór le chéile tagann sé go 700!

‘ Déarfaidh mé rud amháin agus sin ‘tá i bhfad níos mó ar eolas agat ná mar a cheapann tú’

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland