Féilte na Seachtaine
Tá do roghasa féilte ar siúl an deireadh seachtaine seo a shásóidh Gaeil d’achan aois — Ravelóid sa Chathair i mBÁC, Féile na Gealaí i Ráth Chairn na Mí, agus Bréaglóid i mBéal Feirste.
Ravelóid sa Chathair, BÁC, 9-11 Meitheamh
Cé go bhfuil na ticéid díolta don cheolchoirm mhór atá beartaithe sa Sugar Club oíche Aoine beidh neart eile ar siúl thar an deireadh seachtaine san ardchathair a rachadh i bhfeidhm ar óg agus aosta araon, mar atá seisiúin ióga as Gaeilge, ceardlann ealaíne agus imeachtaí teaghlaigh.
Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Ravelóid sa Chathair’ ar Facebook.
Féile na Gealaí, Ráth Chairn, Contae na Mí, Páirc Peile Ráth Chairn, 10-12 Meitheamh
Beidh slm Gael ag tabhairt aghaidh ar Ráth Chairn Glas na Mí agus féile campála á reáchtáil.
I measc na gceoltóirí a bheidh le clos, beidh Boss Sound Manifesto, JJ Ó Dochartaigh, Banna Ráth Chairn, Nigel Day agus Emma Ní Fhíoruisce. Tuilleadh eolais: Cuardaigh ‘Féile na Gealaí’. Ticéad: €25.
Bréaglóid, Dé hAoine, Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, 10in
Dóibh siúd ó thuaidh, beidh scoth oíche reigé agus ska ar siúl i mBéal Feirste i dteannta Bréag.
Beidh Córas Fuaime Rasta Ruaidh ag gabháil dá ska breá Gaelach chomh maith le cinntiú go mbeidh oíche iontach cheoil ann, agus is féidir do chuid deochanna féin a thabhairt leat! Ticéad: £6.