200 bóthar cois teorann ‘le dúnadh’ má imíonn anBhreatain
Beidh gach bóthar idir an tuaisceart agus an deisceart le dúnadh má fhágann an Bhreatain an tAontas Eorpach, dar le duine de phríomhthacadóirí an phróisis síochána.
Bhí Jonathon Powell i mbun cainte agus an Taoiseach Enda Kenny ar tí taisteal chuig an mBreatain inniu, de réir mar a fhásann an imní go mbeidh tionchar ‘tubaisteach’ geilleagrach ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.
Beidh sé i dteannta cheannaire na Breataine, David Cameron, i Manchain ocht lá roimh an reifreann faoin Aontas Eorpach sa Bhreatain agus i dTuaisceart Éireann.
Tá an-imní ann go bhfillfear ar rialuithe teorann.
Ach is é an phríomhimní atá ar dhaoine ná an tionchar
geilleagrach a bheidh ar Éirinn, thuaidh agus theas, má chuirtear deireadh le saorthrádáil idir an dá dhlínse. Tá airí Gearmánacha agus Francacha ag cur leis an mbuairt tar éis dóibh a rá go n-éileoidís rialuithe teorann. Agus d’fhéadfadh sé sin tionchar ollmhór a imirt ar chúrsaí turasóireachta, earnáil a mbíonn go leor contaetha tuaithe — go háirithe in iarthar na tíre — ag brath uirthi.
Scaireanna
Lean scaireanna i gcuideachtaí Éireannacha ar aghaidh ag titim agus beidh tionchar ag laige na steirlinge in aghaidh an euro freisin agus d’fhéadfaí treochtaí siopadóireachta trasteorann a athrú dá bharr. Áiteoidh an Taoiseach ar an 500,000 Éireannach a mheastar atá ina gcónaí sa Bhreatain vótáil chun fanacht san Aontas Eorpach. Deir Jonathan Powell (thuas), a chabhraigh le hidir- bheartaíocht a dhéanamh le haghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta, go ndúnfar an teorainn in Éirinn arís, a chuirfidh an próiseas síochána i mbaol.
Dúirt sé: “Ní fhéadfaí ligean d’earraí dul siar is aniar thar an teorainn le hÉirinn gan srian, teorainn atá 499km ar fad, nó bheadh cúldoras mór ar leathadh chuig an AE ó Thuaisceart Éireann.
“Dá bhrí sin bheadh an tuairim agus 200 lána agus bealach idir an tuaisceart agus an deisceart, a bhíodh dúnta le leaca ollmhór coincréite i rith na dTrioblóidí ar mhaithe le cúrsaí slándála ach a osclaíodh nuair a bhí an tsíocháin i réim arís, le dúnadh arís.”
Agus deir Powell má fhágann an Bhreatain an tAontas Eorpach go bhfágfaidh Albain an Ríocht Aontaithe.
Tá an feachtas chun an tAontas Eorpach a fhágáil chun cinn sa Bhreatain dar leis na pobalbhreitheanna is deireanaí.