Irish Independent - Seachtain

Súil agam go mbeidh ré úr órga ag glúin na linne seo

-

Tá na Euros tosnaithe — ar deireadh! Uaireanta nuair a thagann comórtas mar seo bíonn sé ar nós go mbíonn gach éinne ag fanacht leis le míonna — agus bíonn mar go dtosnaíonn an bholscaire­acht i bhfad roimhe sin, go mórmhór agus foirne na hÉireann thuaidh agus theas ann le chéile den gcéad uair.

Tagann an tseanachei­st amach — dá mbeadh an dá fhoireann seo ag imirt mar fhoireann amháin díreach ar nós an rugbaí agus gach cluiche eile, cad a tharlódh?

Níl aon dabht ann ach go mbeadh foireann i bhfad níos láidre ann. Bheadh sé ana-shuimiúil féachaint conas a d’éireodh leis an dá lucht leanta — sin an áit a bheadh an fhadhb is dóigh liom.

Deineann ana-chuid daoine anseo sa 26 chontae dearúd go leanann nach mór leath de mhuintir an tuaiscirt foireann na Poblachta. Is cuimhin liom pictiúir a fheiscint ar Twitter agus iad amuigh ar Bhóthar na bhFál ag ceiliúradh nuair a d’éirigh linn an tslí a dhéanamh go dtí na Euros!

An méid sin ar fad ráite, má éiríonn le foireann an tuaiscirt dul níos faide ná foireann na Poblachta an mbeidh gach éinne anseo ag béiceadh dóibh?

Tá rud éigin istigh ionam go dteastaíon­n uaim tacú le hÉireannai­gh is gcónaí, is cuma síorghlas nó cóta éadrom glas orthu — agus tá ana-chuid mar seo. Déarfaidís siúd nach Éireannaig­h iad seans! Ní Gaeil atá iontu ach is Éireannaig­h iad ach difriúil!

Seo an chéad uair a bhain foireann an tuaiscirt an comórtas seo amach agus is cuimhin linn go léir 1988. Ag an am ba é an rud ba mhó a tharla riamh é — agus ní raibh mé ach 12.

Sasana, an Rúis agus an Ollainn sa ghrúpa linn — ní raibh éinne ag súil le mórán agus is cosúil go raibh na foirne eile ar aon tuairim!

Éire agus na seana-naimhde Sasana, bhí an cluiche ag dul go maith agus an chéad rud eile tháinig Ray Houghton isteach agus — Bang!

Is cuimhin liom a bheith ar an tolg sa bhaile agus thugas léim agus nach mór chuas amach tríd an bhfuinneog de gheit! Bhí sé mínádúrtha. Tar éis an chluiche sin bhí dearcadh difriúil againn ar an gcomórtas. An Rúis ansin agus Ronnie Whelan agus ceann dos na báirí is fearr go bhfacas riamh.

Bhíomar ana-mhaith i gcoinne na hOllainne ach ar deireadh níor chuamar níos faide. Nuair a bhí an comórtas críochnait­he tháinig an fhoireann abhaile ar nós go raibh an rud ar fad buaite acu.

Tá súil agam go mbeidh an ócáid seo i gcuimhne na ndaoine óga go ceann i bhfad fé mar atá 1988 domsa!

 ??  ?? Cóisir: Éireannaig­h i mbun ceiliúradh sa Fhrainc an tseachtain seo agus, ar dheis, cúl Ray Haughton agus cúl Ronnie Whelan i 1988
Cóisir: Éireannaig­h i mbun ceiliúradh sa Fhrainc an tseachtain seo agus, ar dheis, cúl Ray Haughton agus cúl Ronnie Whelan i 1988
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland