180 aistritheoir de dhíth san AE
Beidh breis is céad post mar aistritheoirí Gaeilge le cruthú ag an Aontas Eorpach — agus beidh roinnt acu le líonadh gan mhoill.
Táthar ag súil go gcuirfear níos mó ná 180 post ar fáil d’aistritheoirí Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg idir seo agus 2021. Tá tús curtha cheana le feachtas earcaíochta don chéad 62 phost d’aistritheoirí.
Fógraíodh na poist an tseachtain seo ag seisiún eolais i mBaile Átha Cliath arna óstáil ag Sharon Ní Bheoláin ó RTÉ. Bhí an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne, Rytis Martikonis, ceannasaí Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin sa Choimisiún Eorpach agus Sarah Rooney ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne i láthair ag an ócáid.
Dúirt Seán Kyne go léiríonn an fógra seo na cúiseanna praiticiúla a dtabharfadh mic léinn óga faoi staidéar na Gaeilge.
“Is minic a bhraitheann daltaí scoile gur beag tairbhe atá ann dóibh an Ghaeilge a fhoghlaim.
“Is iontach an deis í seo chun slí bheatha thairbheach idirnáisiúnta a bhaint amach agus chun próifíl ár dteanga náisiúnta a ardú trasna na hEorpa.”
Ghríosaigh an tUasal Martikonis Éireannaigh chun iarratas a dhéanamh ar na poist.
“Is tréimhse spleodrach í seo do phobal na Gaeilge,” a dúirt sé.
“Tá institiúidí an Aontais Eorpaigh tiomanta go hiomlán agus beidh siad ag obair i ndlúthchomhar le hÉirinn chun tabhairt faoi na dúshláin atá roimpi.
“Is deiseanna iontacha iad na poist seo agus molaim daoibh go léir cur isteach orthu agus páirt ghníomhach a ghlacadh i saol na hEorpa.”
Is féidir iarratas a dhéanamh ach gabháil chuig www.jobs.eu-careers.eu. Tá an comórtas oscailte do chéimithe ollscoile, iad siúd a gheobhaidh céim an samhradh seo san áireamh.
Ní foláir d’iarrthóirí cumas sármhaith a bheith acu sa Ghaeilge agus eolas maith a bheith acu ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais ar a laghad agus an Béarla, an Fhraincis nó an Ghearmáinis mar cheann amháin acu.
Tosaíonn an scála tuarastail do na poist ag €4,384 sa mhí.
D’fhéadfadh sé go mbeadh fáil ag iarrthóirí a n-éireodh leo ar liúntais bhreise freisin ag brath ar a gcuid cúinsí pearsanta.
Fuair an Ghaeilge aitheantas mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas Eorpach in 2007.
Ó shin i leith, tá maolú i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí a chaithfear a chur ar fáil i nGaeilge.
I mí na Nollag 2015, ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh le rialachán nua a bhfuil sé mar sprioc aige deireadh a chur leis an maolú ag deireadh 2021. Tá institiúidí an Aontais ag ullmhú anois le seirbhísí Gaeilge a sholáthar ar comhchéim leo siúd a sholáthraítear do theangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh.