Irish Independent - Seachtain

Dúshlán níos déine leis na Lámha Dearga

- GRÁINNE McELWAIN

“Níor chuir an bua isteach ná amach orainn, bhí muid ag súil le hArd Mhacha a bhualadh,” a dúirt Seánie Johnston tar éis bhua compordach an Chabháin i gCluiche Ceathrú Ceannais Uladh roinnt seachtainí ó shin.

Is in éadan Thír Eoghain a bheidh siad Dé Domhnaigh ag cuardach áit sa bhabhta ceannais den chéad uair ó 2001. Ar ndóigh, chaill siad an lá sin i gcoinne fhoireann na Láimhe Deirge agus creid é nó ná creid ach níl foireann Bhréifne tar éis Tír Eoghain a chloí sa chraobh ó 1983.

Sheas David Givney, Michael Argue agus Seanie Johnston amach sna cúig chluiche dheireanac­ha den tsraith, ag aimsiú 6-17 eatarthu.

Ruathar

In éineacht leis sin, fuair Cian Mackey, Johnston agus Gearóid McKiernan saoirse na páirce chun dul ar ruathar in adharca Ard Mhacha i mbabhta ceathrú ceannais Uladh. Bí cinnte nach dtarlóidh sé sin Dé Domhnaigh in aghaidh chosaint fhuarchúis­each Thír Eoghain.

Roimhe sin, san oíche Dé Sathairn i gCaisleán an Bharraigh, beidh Gaillimh ag iarraidh céim níos faide a thógáil ná anuraidh in éadan Mhaigh Eo. Chaill siad 2-8 le 1-15 ach feicfidh muid cén sórt feabhais atá déanta ag Gaillimh ó shin.

Bua snasta a bhí ag Maigh Eo nuair a chas siad le Londain ina gcéad bhabhta i mbliana ach tá imní mhór faoi bhuaiteoir na hÉireann faoi 21 Conor Loftus — a d’aimsigh 1-2 an lá sin — agus faoi Barry Moran agus Alan Freeman de bharr gortuithe.

Níl Craobh Chonnacht buaite ag Gaillimh ó 2008 le rudaí thar a bheith ciúin ó champa na Gaillimhe idir an dá linn. Is iad Ros Comáin atá ag fanacht ar na buaiteoirí i gCluiche Ceannais Chonnacht.

San iomáint is é cluiche mór an deiridh seachtaine ná Tiobraid Árann agus Luimneach i gcluiche leathchean­nais na Mumhan Dé Domhnaigh.

Níl Luimneach tar éis imirt ó mhí Aibreáin nuair a chaill siad in éadan Phort Láirge i gcluiche leathchean­nais na Sraithe.

Éasca

Seans maith go bhfeicfidh muid roinnt de na himreoirí faoi 21, ina measc Richie English, Diarmaid Byrnes, Gearoid Hegarty, Tom Morrissey Darragh O’Donovan chomh maith le Ronan Lynch agus Barry Nash.

Fuair Tiobraid Árann an lámh in uachtar go héasca ar Chorcaigh sa bhabhta deiridh le ceathrar ag cur gheansaí an Chontae orthu den chéad uair.

Ach beidh ar Luimneach líne leathchúil Thiobraid Árann a chur faoi smacht chun an seans is fearr a thabhairt dóibh féin.

I gCúige Laighean ba chóir go mbeadh go leor ag Gaillimh d’Uíbh Fhailí chun áit a bhaint amach don chluiche ceannais in aghaidh na gCat.

 ??  ?? Contúirtea­ch: Cian Mackey an Chabháin
Contúirtea­ch: Cian Mackey an Chabháin
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland