Irish Independent - Seachtain

Macalla na staire leis an Mí

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Breis agus seachtain ó shin d’imir iománaithe na Mí in aghaidh fhoireann Aontroma i gCluiche Ceannais Chomórtas Christy Ring. Bhí go maith agus ní raibh go holc nuair séideadh an fheadóg ag fógairt go raibh deireadh leis an imirt.

Gan mhoill scaip toradh na coimhlinte go dtí na ceithre harda mar dhealraigh sé go raibh bua ag an Mí le farasbarr de aon chúilín. Scéal ollmór a bhí ann gan dabht mar go raibh gradam i bhfad níos airde ag na hUltaigh ar scála an oird fiúntais ná mar a bhí ag fir na Mí.

Shrois Aontroim Cluiche Ceannais Sinsear na hÉireann faoi dhó agus nár chaith Corn Tommy Moore saoire sa chontae faoi dhó; sin é an corn a bronntar ar churaidh Uile-Éireann na gClub Sinsear.

Ní mór a rá, más ea, nach ainniseoir­í iad iománaithe na Mí. Tá Craobh Sóisear na hÉireann buaite acu sé huaire (an ceann deiridh sa mbliain 2004) agus níl os a gcionn ar dhréimire na Sóisear ach an Tríonóid Naofa — Corcaigh, Cill Chainnigh agus Tiobraid Árann.

Fillimis anois ar an Christy Ring; go gairid tar éis bhronnadh an choirn ar chaptaen na Mí aon lá dhéag ó shin bhí scéal de shórt eile ar foluain. Thug an ceann sin le fios go raibh botún déanta ag an réiteoir maidir leis an scór agus gur cluiche comhscóir a bhí ann dáiríre.

Faid a bhí cothrom na Féinne agus toradh iniúchta á meas bhí ráfla tréan sa tsiúl ag rá nach raibh mórán seans ann go n-aontódh an Mhí le hathimirt.

Ach nuair mhol an coiste cuí i bPáirc an Chrócaigh ‘athimirt’ chuir sé iontas ar a lán daoine gur ghlac an Mhí leis. Dheineadar san mar go raibh sé deimhnithe ag an réiteoir go raibh botún déanta agus gur cluiche comhscóir a bhí ann.

An gcreidfeá go raibh scéal mar é a bhain le Cluiche Ceannais Peile na hÉireann don mbliain 1895 agus go raibh an Mhí páirteach ann?

B’in é an bhliain gur imríodh cluichí ceannais i bPáirc an Chrócaigh den gcéad uair. Cad é mar lá a bhí ann — cluichí ceannais sa pheil agus san iomáint mar aon le poc fada agus cic fada na hÉireann.

Munar leor an t-ualach sin dhein fear amháin réiteoirea­cht ar na himeachtaí uilig — gaiscíoch má bhí riamh. Pé scéal é d’fhógair sé tar éis an chluiche ceannais peile go raibh an bua ag Ruagairí Arravale Ó Thiobraid Árann ar Phiarsaigh Mathúna na hUaimhe, 0-4 in aghaidh 0-3.

Ansin nuair bhí deireadh le pé bronnadh a bhí le déanamh, tháinig sé chun solais gur cluiche comhscóir a bhí ann. Dhearbhaig­h an réiteoir gur mar sin a bhí agus foilsíodh litreacha uaidh i bpáipéirí na maidine a dúirt gur mar sin a bhí.

Ach níor dhein na Piarsaigh aon éileamh ar athimirt d’fháil. Luadar go raibh riail i bhfeidhm ag dearbhú gurb é breith an réiteora an focal scoir agus go raibh sé tugtha aige ag deireadh na himeartha — 0-4 in aghaidh 0-3. B’in deireadh an scéil agus fágadh an chraobh agus gach a bhain léi ag Ruagairí Arravale.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland