NA PÁISTÍ A THÉANN AR SCOIL SA CHOILL
Amuigh faoin aer déanann páistí dearmad ar an seomra ranga
Is rud nua in Éirinn í an scoil sa choill. Cuireadh tús le hoiliúint inti in Éirinn cúpla bliain ó shin agus ó shin, tá 75 dhuine cáilithe mar mhúinteoirí le haghaidh scoileanna sa choill.
Tagann an smaoineamh ó nós atá i scoileanna na Sualainne agus na Danmhairge go dtéann páistí amach faoin aer le foghlaim faoin nádúr. Ní chaitheann siad an t-am ar fad sa seomra ranga agus iad ar scoil.
Múinteoir
Bíonn béim ar leith ar obair ealaíne agus ar obair chruthaitheach. Foghlaimíonn na páistí faoi na rudaí atá thart orthu.
Bhí naoi lá oiliúna i gceist chomh maith le hobair baile.
“Ba mhúinteoir scoile a bhí ionam,” a deir Clíona, “ach d’éirigh mé as toisc nach raibh mé ag iarraidh a bheith i seomra ranga an t-am ar fad ag múineadh na rudaí gur leagadh síos dúinn.
“Leis seo, is féidir liom a bheith taobh amuigh ag múineadh faoi na rudaí go bhfuil spéis agam féin ann.”
Tá na múinteoirí cáilithe ag iarraidh go mbeidh an scoil sa choill mar chuid den churaclam sna scoileanna anseo in Éirinn. Tá siad ag bunú cumann faoi láthair agus tá siad ag iarraidh dul go dtí an Roinn Oideachais le cás a dhéanamh mar gheall ar thábhacht an chineáil seo foghlama.
Deirtear gurb é an fhadhb is mó atá againn in Éirinn mar gheall ar an smaoineamh seo ná nach bhfuil an Roinn Oideachais ag íoc daoine as an áis seo a chur ar fáil. Ní bhaineann an fhoghlaim seo leis an gcóras oideachais atá againn anois.
Tá sé mar chuid den chóras oideachais i Sasana go bhfuil ar gach páiste a bheith in ann foghlaim faoin nádúr ar an mbealach seo uair amháin sa tseachtain ar a laghad.
Ba mhaith leo freisin go mbeadh Éireannaigh in ann an oiliúint a chur ar fáil d’Éireannaigh eile.
“An uair seo, tháinig daoine as Sasana thall anseo leis an traenáil a chur ar fáil dúinn,” a deir Clíona. Tá Clíona Ní Bhéartúin ag súil le go mbeidh an-rath ar a scoil sa choill, atá bunaithe aici i Ráth Fearnáin i nDeisceart Bhaile Átha Cliath le cúpla mí anuas.
Duilleog Úr is ainm don scoil atá ag Clíona agus tugann sé deis do pháistí dul amach agus am a chaitheamh i measc an dúlra.
Bíonn spraoi acu agus bíonn siad ag foghlaim amuigh faoin aer. Bíonn siad ag breathnú ar dhuilleoga agus ar bhláthanna agus má bhíonn spéis acu i rud ar leith nó má bhíonn ceist acu faoi rud ar bith is féidir leo iad a chur.
Spreagann Clíona na páistí le foghlaim faoi na rudaí is maith leo féin agus faoi na rudaí a bhfuil spéis acu ann. Taispeánann sí dóibh conas fothain bheag a thógáil agus más mian leo imeacht agus a bheith leo féin ar feadh tamaill, bíonn deis acu sin a dhéanamh istigh san fhothain.
Déanann siad obair ealaíne le duilleoga nó le cnónna a aimsíonn siad ar an talamh agus is féidir leo a bheith ag obair air sin taobh amuigh nó taobh istigh den fhothain.
Plean
Tá plean ag Clíona téarmaí 10 seachtaine a dhéanamh leis na páistí agus sa chás sin, beidh an fhothain bheag acu i rith na tréimhse sin. Beidh cead acu pictiúir a chrochadh agus rudaí beaga a choinneáil istigh ann más maith leo.
Tá post lánaimseartha ag Clíona le linn na seachtaine agus mar sin, tagann na páistí chuici maidin Shathairn ar feadh trí uair an chloig. Tá sí ag iarraidh an tseirbhís seo a chur ar fáil do pháistí Gaelscoile nó do pháistí le Gaeilge idir seacht nó ocht mbliana d’aois suas go dhá bhliain déag d’aois.
“Is cuimhin liom nuair a bhí mé ar scoil, nuair a tháinig éinne isteach le labhairt linn, i mBéarla amháin a bhí sé.
“Tá mé ag iarraidh go mbeidh seo ar fáil i nGaeilge,” a deir sí.
“Tá mé ag iarraidh an smaoineamh a scaipeadh i measc Gaelscoileanna i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Tá mé ag súil le go scaipeadh na páistí iad féin an smaoineamh freisin.”
Thosaigh sí ag obair ar an togra seo don scoil thart ar bhliain ó shin. Bhí uirthi teacht ar láthair a bhí oiriúnach ó thaobh foghlama agus ó thaobh áisiúlachta freisin. Fuair sí cead ó Choillte an choill i Ráth Fearnáin a úsáid mar ionad agus tá aon trealamh eile a bhíonn ag teastáil aici féin.
Gléasta
Ní bhíonn ar na páistí ach iad féin a thabhairt leo. Molann Clíona go mbeidís gléasta in éadaí atá oiriúnach do bheith taobh amuigh ar feadh trí uair an chloig. Ba cheart dóibh éadaí báistí agus buataisí a thabhairt leo freisin.
“Tá Duilleog Úr dírithe ar pháistí bunscoile faoi láthair ach is féidir seo a dhéanamh le páistí chomh luath is a thosaíonn siad ag siúl. Is ansin a thosaíonn an fhoghlaim taobh amuigh,” a deir Clíona.
Tá tuilleadh eolais faoi Dhuilleog Úr ar fáil ar an suíomh idirlín www.duilleogur.com nó trí ríomhphost a chur go duilleog.ur@gmail.com.