Daltaí SAM abhus ar son na Gaeilge
Tá grúpa as Coláiste Mhíleata Marian in Alabama sna Stáit Aontaithe ag foghlaim Gaeilge ar chúrsa ceithre seachtaine in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall.
Anuraidh tháinig Rankin Sherling as Yazoo City, Mississippi, ar ais go hOideas Gael den dara huair agus ghlac sé beirt daltaí airm leis as an Choláiste Mhíleata freisin.
I mí an Mhárta i mbliana, d’fhoilsigh an Irish Times alt faoin Ghaeilge in Alabama. Dúirt Rankin san alt sin gur mhaith leis filleadh ar Éirinn le tuilleadh dá chuid foghlaimeoirí míleata.
Spreag sin an pobal sa choláiste le cabhrú leo agus bhailigh siad an $18,600 a bhí ag teastáil leis an turas a dhéanamh go Dún na nGall.
Is ollamh le stair é Rankin. Tháinig sé i mbliana lena bhean chéile Claire agus lena leanbh Máire. Tá ceathrar daltaí airm leo chomh maith le Nichole Peacock, ollamh le litríocht.
Cuireann Oideas Gael cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta. Chomh maith le cúrsaí seomra ranga Gaeilge a chur ar fáil, cuireann Oideas Gael cúrsaí ceoil, siúlóidí sléibhe, ranganna péintéireachta agus sceitseála, foghlaim faoin timpeallacht sa cheantar, fíodóireacht agus neart eile ar fáil trí Ghaeilge.
Foghlaimíonn daoine an Ghaeilge agus iad ina mbun agus ag foghlaim faoi rudaí eile freisin. Tá tuilleadh eolais faoi na ranganna agus faoi na cúrsaí ar fad ar fáil ar an suíomh www.oideasgael.ie.