Irish Independent - Seachtain

Brú ar na Sasanaigh

- GRÁINNE McELWAIN

Cé go mbeidh muid uilig dírithe ar chluiche an tSathairn idir Éire agus an Bheilg ag a 2.00in, caithfidh muid trácht a dhéanamh ar na cluichí amárach idir Sasana agus an Bhreatain Bheag agus idir an Úcráin agus Tuaisceart Éireann i gcomórtas Chraobh na hEorpa.

Is cúis bhrónach agus náireach é go bhfuil formhór den chomhrá ar roinnt den lucht leanúna atá ag Sasana agus an Rúis.

Rinneadh neart damáiste timpeall Marseille agus mhill na creachadói­rí an cluiche don lucht féachana an tseachtain seo caite.

D’eisigh Uefa dianráitea­s ag tagairt don fhoréigean agus mhol siad go gcaithfear amach an dá fhoireann ón chomórtas má fheictear foréigean ar bith eile ón lucht leanúna ar an dá thaobh.

Maidir leis an chluiche, bhí deiseanna ag Sasana ach níor thapaigh siad iad agus d’íoc siad go daor as sin san am cúitimh nuair a fuair captaen na Rúise Vasili Berezutski cúl sa 92ú nóiméad. D’éirigh leis an Bhreatain Bheag an tSlóvaic a bhaint 2-1 agus iad ar bharr Ghrúpa B. Is é seo an chéad uair atá an Bhreatain Bheag i gcomórtas na hEorpa agus má éiríonn leo an lámh in uachtar a fháil ar Shasana, bheadh an deis acu cáiliú mar chuid de na 16 fhoireann is fearr. Ní raibh an lá ag Tuaisceart Éireann in aghaidh na Polainne ag cailleadh 1-0. Mar a bheifeá ag súil, is iad an Ghearmáin agus an Pholainn atá amuigh chun tosaigh i nGrúpa C ach cuideoidh bua go mór le Tuaisceart Éireann chun iad féin a chur san áireamh don chéad bhabhta eile. Feicfear iad ag imirt ag a 5in amárach.

 ??  ?? Dráma: Scórálann an Rúis cúl mall in aghaidh Shasana agus, thíos, fear a gortaíodh sa chíréib
Dráma: Scórálann an Rúis cúl mall in aghaidh Shasana agus, thíos, fear a gortaíodh sa chíréib

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland