Bréalú ‘níos measa ná cúlú 2007’
Tá caillteanais airgeadais os comhair daoine ar dhá thaobh na teorann mar gheall ar an gcúlú eacnamaíochta a bhfuiltear ag súil leis i ndiaidh reifreann Bréalú.
Tá an toradh gan choinne a bhí ar reifreann na Breataine fós ag cruthú fadhbanna ar fud na hEorpa.
Ach is é an raon mór athruithe a tharlóidh as seo go ceann dhá bhliain atá ag teacht chun solais go mall.
Deireadh
Mar shampla, íocann an Ríocht Aontaithe as sochar leanaí d’oibrithe ón bPoblacht a oibríonn sa Tuaisceart faoi láthair. Faigheann siad íocaíocht bhreise ó rialtas Bhaile Átha Cliath freisin.
Ach d’fhéadfaí deireadh a chur leis an dá íocaíocht.
Agus tá seans ann go dtabharfar cánachas dúbailte ar ais arís.
Cuireadh deireadh leis an nós go ngearrtar cáin ar oibrí trasteorann faoi dhó — sa dá dhlínse — os cionn fiche bliain ó
shin faoi chomhaontú Eorpach. Tá imní ar shaineolaithe go bhféadfaí an córas a chur i bhfeidhm arís nuair a fhágann an Bhreatain an tAontas Eorpach.
Táthar cinnte nach mór go bhfillfear ar chóras custaim agus seiceálacha pasanna.
Deir go leor díobh siúd a bhí ar son an tAontas Eorpach a fhágáil go bhféadfaí teorainn na hÉireann a rith mar a dhéantar san Iorua.
Ach ní tharlaíonn amhlaidh ansin ach mar gur shínigh muintir na hIorua comhaontú faoi shaoirse gluaiseachta do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh.
Ní ghlacfaidh na Briotanaigh, le Boris Johnson mar Phríomh-Aire seans, leis sin riamh.
I ndiaidh seachtain shuaiteach sna margaí airgeadais agus imní ar mhórán faoi gheilleagar na hÉireann, is cosúil go mbeidh Bréalú níos measa ná géarchéim gheilleagrach 2007.
Arsa saineolaí amháin: “Seo an buille is mó a bhí ar Éirinn, ní amháin ó thitim na mbanc in 2007, ach b’fhéidir ó bhí an chríochdheighilt ann agus laethanta dorcha na dTrioblóidí.”