Irish Independent - Seachtain

Fáilte roimh Thiobraid Árann

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Is dócha go mbeadh breis teacht isteach ó thaobh airgid de ag Comhairle na Mumhan dá mba rud é gur cháiligh Corcaigh don ‘Lá Mór’ in ionad Thiobraid Árann.

Ach bhí a mbua tuillte ag na Tiobradaig­h agus fearfar fíorchaoin fáilte rompu i Staid an Ghearaltai­gh i gCill Airne don gcoimhlint le Ciarraí ar an nDomhnach seo romhainn.

Mar sin féin b’fhéidir go gcuirfeadh an tinreamh iontas ar dhaoine mar is cinnte go dtiocfaidh scuaine mhaith chun tacaíocht a thabhairt dos na gaiscígh ó Chontae Chathail Ciceam. Tá foireann chumasach acu agus tá traidisiún maith peile sa chontae.

Sa chéad leathchéad bliain de shaol Chumann Lúthchleas Gael bhíodar go hard ar dhréimire an oird fiúntais ó thaobh Chraobhach­a Uile-Éireann sa pheil. Nuair ghabhadar Craobh Uile-Éireann na bliana 1920 ní raibh ach Baile Átha Cliath, Ciarraí agus Loch Garman os a gcionn anairde.

Bhí lucht na hardchathr­ach i bhfad chun tosaigh ag an am le 11 Chraobh, Ciarraí agus Loch Garman ar comhtharra­ch le cúig cinn agus Tiobraid Árann go seascair le ceithre chraobh.

Nach suimiúil é go raibh na ‘contaetha peile’ seo leanas gan chraobh ar bith ag an bpointe sin — Gaillimh, an Mhí, an Cabhán, an Dún, Maigh Eo, Uíbh Fháilí, Tír Eoghain, Ros Comáin, Dún na nGall, Doire agus Ard Mhacha?

Faraoir, níor éirigh le Tiobraid Árann ná le Loch Garman cur leis an gciste Chraobh Uile-Éireann a bhí fuirsithe acu nach mór céad bliain ó shin.

Is deacair léamh ceart ar a gcásanna a dhéanamh. Níor tháinig craobh na Mumhan go Tiobraid Árann ach dhá uair sa tréimhse fhada atá curtha díobh acu ó bhliain stairiúil 1920.

Tháinig uimhir a haon i 1922 agus an leathchois eile i 1935 — bliain gur dhiúltaigh Ciarraí aon pháirt a ghlacadh ar chúiseanna bhí ‘polaitiúil’.

Is truamhéala­ch freisin scéal na Laighneach; ní dhéanfar dearmad go deo den ghaisce a dhein na Carmannaig­h roimhe sin — bhaineadar amach Cluiche Ceannais na hÉireann sé huaire as a chéile ó 1913 go dtí 1918 agus bhuadar na ceithre cinn deiridh den leathdhosa­en.

Tá Craobh Peile Laighean reachtáilt­e 98 n-uaire ó shin ach níor fhill an chraobh ar an gcontae ach dhá uair i rith na tréimhse — 1925 agus 1945. Níl ciall ná réasún le tuairimíoc­ht a deireann gur beag seans atá acu ar Chraobh na Mumhan a thabhairt abhaile leo ó Chill Airne ar an Domhnach atá ag teannadh linn.

Ní ró-fhada ó shin in aon chor ó lá go raibh meascán mearaí ar na Ciarraígh de bharr shár-imirt Thiobraid Árann sa chéad leath de chluiche Leath-Chraoibhe i nDúrlas Éile.

Tuigid gur fada an gorta é ó 1935 anall nuair thugadar Craobh na Mumhan abhaile leo. Bí deimhin de go gcuirfidh siad iarracht mhillteach sa tóir ar chraobh eile agus caibidil nua sa stair agus sa bhéaloidea­s.

Is cinnte go bhfuil daoine beo fós gur cuimhin leo éacht 1935! Bídís réidh chun agallamh a dhéanamh.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland