AM mBEIDH LÁ EILE AG AN CHABHÁN?
An bhfuil seans an Chabháin caillte?
Sin tuairim a bhí ag go leor ag fágáil Chluain Eois coicís ó shin. Ach neosfaidh an aimsir agus ar an Domhnach imreoidh an Cabhán agus Tír Eoghain in aghaidh a chéile arís chun áit a bhaint amach i gCluiche Ceannais Peile Uladh ar an 17 Iúil.
Cluiche drámatúil a bhí againn nuair a d’imir an dá fhoireann in aghaidh a chéile sa chluiche a chríochnaigh ar comhscór.
Ghéill Tír Eoghain trí chúl — ábhar mór cainte sa chluiche go háirithe nuair a smaoiníonn tú nár scaoileadh ach trí chúl isteach le linn na sraithe i Roinn a Dóarfad.
Teaictic
Chuir an Cabhán liathróid ard isteach ar imeall na cearnóige go David Givney agus Cillian Clarke, le Givney ag aimsiú 2-0 as. D’oibrigh an teaictic dóibh ach is fiú a rá go raibh aimsir olc ann an lá sin.
Ar aon nós, de réir na ngeallghlacadóirí beidh an bua ag Tír Eoghain — 1/3.
Roimhe sin, san oíche Dé Sathairn feicfear athimirt idir Dún na nGall agus seaimpíní Uladh ó anuraidh Muineachán.
Bhí cluiche den chéad scoth againn an tseachtain seo caite nuair a d’éirigh le Conor McManus, captaen Mhuineacháin, trí chic shaora chinniúnacha a chur thar an trasnán mall sa chluiche chun lá eile a thabhairt d’fhir agus d’arm Farney.
Léiríonn sé chomh maith cé chomh mór is atá an iomaíocht idir an dá chontae seo.
Cinnte, beidh Dún na nGall ag féachaint siar ar na ciceanna saora a chaill siad agus ar na deiseanna os comhair cúil nár thapaigh Craobh Peile na hÉireann, Craobh Uladh, athimirt cluiche leathcheannais Tír Eoghain v an Chabháin, Dé Domhnaigh Páirc Thiarnaigh Naofa siad Dé Sathairn seo caite ach fós níor stop Muineachán ag obair.
Ba chuma cad a caitheadh ina dtreo, d’fhreagair siad na ceisteanna. Cluiche thar a bheith fisiciúil agus teasaí in amantaí a bhí ann agus le roinnt blianta tá sé thar a bheith deacair an dá fhoireann seo a scarúint óna chéile agus sílim gur mar sin a bheidh an uair seo fosta.
Geit
Ó dheas, lá mór peile na Mumhan a bheidh againn, leis na seaimpíní Ciarraí ag tabhairt aghaidh ar Thiobraid Árann Dé Domhnaigh ag a 2in. Bhain na Tiobradaigh geit mhór as Corcaigh sa bhabhta leathcheannais agus iad sa chluiche ceannais den chéad uair ó 2002. Ba é 1935 an uair dheireanach a bhuaigh siad Craobh na Mumhan. Is iad Ciarraí rogha láidir na n-údar don chluiche seo ach dea-scéala dóibh ná go bhfuil James O’Donoghue ar fáil tar éis gortú fadtéarmach.