Irish Independent - Seachtain

BEACHA NA hÉIREANN FAOI IONSAÍ

Aon trian de na 98 speiceas in Éirinn faoi ionsaí Galar agus scrios an chomhshaoi­l is cúis leis an slad Eagraíocht­aí ag teacht le chéile le cuidiú leo...

- Le Katie McGreal

Tá siad beag bídeach ach gan iad ní bheimis féin beo. Cad iad? Beacha — agus tá leath na speiceas beach in Éirinn marbh ó bhí na 1980idí ann.

Tá an tríú cuid de na 98 speiceas atá in Éirinn faoi láthair faoi ionsaí.

Agus tá Plean do Phailneoir­í seolta ag an Ionad Náisiúnta le haghaidh Sonraí Bithéagsúl­achta chun aidhmeanna agus pleananna a leagan síos faoin gcaoi ar féidir tír a chruthú inar féidir le pailneoirí maireachtá­il ann.

Ghlac 68 n-eagraíocht rialtais agus neamhrialt­ais leis an bplean seo. Déanann an plean seo tagairt do leamhain, do chiaróga, d’fhoichí, do bheacha agus do phailneoir­í eile atá in Éirinn, ach tá sé dírithe go príomha ar bheacha.

Is é aidhm an phlean ná n speicis beach in Éirinn a choinneáil sábháilte don chéad ghlúin eile.

Leis an bplean seo, táthar ag iarraidh cur in iúl do dhaoine go bhfuil fadhb ann agus go gcaithfear tabhairt faoi seo go luath.

Táthar ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do bheachairí leis an bplean seo freisin le go ndéanfaidh siad cinnte go mbeadh na coirceoga beach sláintiúil.

“Is speicis amháin iad na beacha meala,” a deir Erin Tiedeken, oifigeach tionscadai­l an phlean. “Agus tá ról lárnach ag beachairí ag coinneáil an speicis sin sábháilte.”

Gníomh

Luaitear 81 ghníomh sa phlean agus clúdaítear 32 chontae. Ghlac Cumann Beachairí na hÉireann, Iarnród Éireann, an Roinn Talmhaíoch­ta, Bia agus Mara ó dheas agus an Roinn Talmhaíoch­ta agus Forbartha Tuaithe ó thuaidh, Fáilte Éireann agus neart eagraíocht­aí eile leis an dualgas leis an bplean a chur i bhfeidhm.

“Is plean cúig bliana é,” a deir Erin. “Táimid ag iarraidh an-chuid a bhaint amach sna cúig bliana sin ach táimid ag súil le go gcuirfidh seo tús le hobair leanúnach.”

Táthar ag súil go ndéanfar go leor oibre de bharr an phlean seo ionas go dtuigfidh an chéad ghlúin eile an tábhacht a bhaineann leis na beacha.

Chuir Úna Fitzpatric­k ón Ionad Náisiúnta le haghaidh Sonraí Bithéagsúl­achta agus Jane Stout ó Choláiste na Tríonóide tús leis an bplean. Fuair siad tacaíocht airgeadais ón Ionad Náisiúnta le haghaidh Sonraí Bithéagsúl­achta, ón mBord Bia agus ón gComhairle Oidhreacht­a.

Is plean fadtéarmac­h é agus mar sin, tá cáipéisí le treoirlínt­e á gcur le chéile ag an ionad freisin.

Chuir siad treoirlínt­e amach do phobail áitiúla cheana féin agus beidh treoracha do gharraíodó­irí ag teacht amach go luath. Tiocfaidh treoracha amach do rannóga difriúla sna míonna amach romhainn.

Moltar do dhaoine gan an féar a bhaint go rialta. Má fhágtar féar le fás níos faide tabharfaid­h sé am do bhláthanna fiáine fás ann.

Luann siad roinnt bláthanna is féidir a fhás i do ghairdín féin nó sa teach a mbíonn dúil ag beacha iontu.

Tá treoracha ann mar gheall ar an gcaoi le háiteanna maithe a chruthú do bheacha atá ag iarraidh nead a chruthú agus ar an gcaoi ar cheart do phobail áitiúla tabhairt faoi fhálta sa cheantar ionas go mbeidh go leor bláthanna agus bia ann dóibh. Is deacracht dhomhanda í an titim thubaistea­ch ar líon na mbeach. Maraíonn lotnaidicí­dí agus galair beacha timpeall an domhain.

Bia

Anseo in Éirinn, níl go leor bia ann le haghaidh na mbeach. Níl bláthanna fiáine chomh flúirseach is a bhídís tráth. Is iad na beacha an t-aon phailneoir a bhíonn ag brath ar bhláthanna amháin i gcomhair bia.

Is féidir le pailneoirí eile cosúil leis na foichí feithidí beaga a ithe. Ní bhíonn siad ag brath ar phailin amháin agus mar sin níl an chontúirt chéanna ann dóibh.

Níl an méid céanna áiteanna ag beacha le nead a chruthú anseo a thuilleadh. Úsáideann na speicis dhifriúla cúpla áit dhifriúil le nead a chruthú. Cruthaíonn bumbóga nead faoin talamh nó i bhféar fada agus cruthaíonn

beacha aonair a nead i bpoll in ithir bhog ar mhúr. “Cuireann daoine bosca neadaireac­hta suas do bheacha,” a deir Erin, “ach ní úsáideann ach fíorbheagá­n De bheacha na hÉireann na boscaí seo le nead a chruthú.

Nead

“Táimid ag úsáid an tírdhreach­a i m bealach difriúil anois. Tá gach rud níos glaine agus níos slachtmhai­re anois. Mar sin níl go leor áiteanna ann a thuilleadh atá feiliúnach do bheacha le nead a dhéanamh.”

Tá beacha tábhachtac­h don éiceachóra­s. Má chaillfimi­d níos mó beach déanfaidh sé damáiste do bhia seo againne atá ag braith ar phailniú ionas gur féidir leo fás agus na síolta atá acu a scaipeadh.

Tagann thart ar €53 mhilliún isteach sa gheilleaga­r mar gheall ar na barra seo — úlla, cuiríní dubha, sútha talún agus eile. Mura bhfuil go leor de na torthaí agus de na barra seo ag fás in Éirinn ní bheidh siad ar fáil dúinn le hithe.

Beidh orainn iad a iompórtáil isteach sa tír agus mar sin beidh siad níos costasaí do dhaoine le ceannach.

Feithidí

Bíonn pailniú ag teastáil ó 78% de na plandaí agus de na barra in Éirinn. Mura bhfuil go leor beach agus feithidí eile ann leis an bpailniú sin a dhéanamh caillfimid go leor de na plandaí sin.

Thosaigh Gaeil Bhéal Feirste sochfhiont­ar nua do na beacha, Bí Gaelach.

Tá dhá choirceog tugtha isteach go hiarthar Bhéal Feirste go dtí seo agus cuirfidh siad leis na coirceoga sin an samhradh seo.

Tá siad ag iarradh mil a chruthú sa cheantar agus í a dhíol — agus tá daltaí ó Choláiste Feirste ag obair leis.

“Tuigimid ar fad go bhfuil líon na mbeach ar domhan ag dul in éag,” a deir Seanán Mac Aoidh ón sochfhiont­ar. “Táimid ag iarraidh ár gcuid a dhéanamh le cabhrú leo.”

Tá an t-eolas ar fad faoin bplean agus faoi obair an Ionaid Náisiúnta le haghaidh Sonraí Bithéagsúl­achta ar fáil ar an suíomh www.biodiversi­tyireland.ie. Tá tuilleadh eolais faoi Bí Gaelach ar fáil ar an leathanach Facebook Bí Gaelach. Táthar ag reáchtáil ceardlann le cur leis an bhfiontar seo oíche Mháirt agus tá fáilte roimh chách.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland