Irish Independent - Seachtain

Éiríonn le Liú Lúnasa €6k a fháil

-

Chruinnigh féile Ghaelach £5,000 (€6,000) ón phobal mhór mar gheall ar fheachtas sluamhaoin­ithe — an eagraíocht is déanaí le feidhm a bhaint as an chóras úr seo le hairgead a fháil.

Bhain lucht Liú Lúnasa an sprioc a leag siad amach ar Kickstarte­r an tseachtain seo caite. Tháinig deireadh leis an fheachtas Dé hAoine ach bhain siad an sprioc amach roimhe sin.

“Ba mhaith linn ar fad anseo ag Liú Lúnasa ár seacht mbuíochas a ghabháil libh ar fad as an tacaíocht,” a dúirt Naoise Ó Caireallái­n, eagraí na féile.

“Is mór an chabhair é an t-airgead seo. Rachaidh sé ar fad díreach isteach san fhéile.”

Beidh Liú Lúnasa ar siúl i mBéal Feirste ón 24 go dtí an 28 Lúnasa.

“Rinneamar feachtas Kickstarte­r anuraidh le £2,000 a bhailiú ach bheartaigh muid sin a ardú i mbliana ionas gur féidir linn cúig lá a dhéanamh den fhéile,” arsa Naoise.

Seolfar na duaiseanna ar fad a fhaigheann deontóirí — T-léinte, póstaeir agus na bandánaí — amach go luath.

Táthar ag obair ar chlár na féile faoi láthair agus fógrófar go luath é. Beidh neart imeachtaí difriúla ar siúl le linn na féile – dianchúrsa­í Gaeilge, oíche fuirseoire­achta, ceolchoirm­eacha, ióga, machnamh, cainteanna agus eile. Beidh an chuid is mó de na himeachtaí ar fáil saor in aisce le linn na féile.

Seo an dara bliain den fhéile agus táthar ag súil gur rud buan i bhféilire na nGael a bheidh ann as seo amach.

Anuraidh, bhailigh an grúpa ceoil Seo Linn €50,000 ó fheachtas sluamhaoin­ithe.

Tá tuilleadh eolais faoin fhéile ar fáil ar an leathanach Facebook Liú Lúnasa.

 ??  ?? Craic:Naoiselelu­chtnaféile­aranstáits­eimBéalFei­rsteanurai­dh
Craic:Naoiselelu­chtnaféile­aranstáits­eimBéalFei­rsteanurai­dh
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland