Irish Independent - Seachtain

Gradaim agus bainis Claire... ach tá Dáithí bocht ag obair!

- DÁITHÍ ÓSÉ

Bhí ana-áthas orm glaoch a fháil ó chomhlacht teilifíse agus iad ag cur ceist orm gradam a chur i láthair ag Gradaim Cheol Tíre na hÉireann — nó na ICMAs mar a thugtar orthu — ach d’athraigh áthas go díomá nuair a chualas an dáta.

An lá céanna go raibh mo chara Claire Byrne ag pósadh agus an lá go rabhas ag obair!

Sea, chailleas dhá ócáid in aon lá amháin! Oíche go maidin geallta sa dá áit chomh maith níl aon dabht orm.

Ní minic ná éiríonn liom dátaí oibre a athrú ach níor éirigh liom an uair seo.

An méid sin ráite bhí ríméad orm nuair a chualas go mbeadh na IMCAs le feiscint ar RTÉ1.

Tá na ceoltóirí ceol tíre á lorg seo le fada. Ní cuimhin liomsa na gradaim seo a bheith ar teilifís cheana.

Ó bheith ag obair le TG4 agus na cláracha ceol tíre go rabhas bainteach leo, dhein sé ana-chuid céille dom go mbeadh na gradaim seo beo agus ar an dteilifís.

Dhein an Late Late clár speisialta ar cheol tíre an bhliain seo caite agus d’éirigh thar barr leis agus léirigh sé an tsuim atá ann sa cheol seo!

Bhí an saol agus a mháthair ag caint ar an mBréalú ach ní raibh éinne ag súil leis an dtoradh.

Nuair a tharlaíonn rudaí mar seo sa tír seo deineann cláracha reatha RTÉ rud mór dó agus is é an ceart é.

De ghnáth téann Prime Time amach ag 9.30 agus bhíos ag féachaint go géar an raibh am na ngradam athraithe agus ní raibh.

Ní cuimhin riamh Prime Time ag dul amach ag 8.30 ach chuaigh Dé hAoine seo caite. Fén dtráth is a tháinig 9.30 oíche Dé hAoine bhí sé in am Bréalú a thógaint ón mBréalú. Tháinig Daniel díreach in am! De ghnáth ag gradaim mar seo bíonn gach éinne suite síos ach ní mar seo a bhí. Bhí sé go hiontach gach éinne a fheiscint amuigh ar an urlár rince agus fear an tí le feiscint ag rince ina measc. Bhí Daniel ana-ghnóthach ar an oíche. Bhí sé ag cur i láthair, ag damhsa agus ag canadh chomh maith. Ní mór an líon láithreoir­í a bheadh in ann iad seo ar a fad a dhéanamh! Sea, tháinig trí bhus le chéile in aon lá amháin agus thógas bus na hoibre, táim anseo inniu agus níl radharc ar bhus ná traein agus sin é mar a bhíonn!

 ??  ?? Fear an tí: Daniel O’Donnell agus na Gradaim Cheol Tíre agus, thíos, Claire Byrne lena fear céile Gerry Scallan
Fear an tí: Daniel O’Donnell agus na Gradaim Cheol Tíre agus, thíos, Claire Byrne lena fear céile Gerry Scallan
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland