Údarás: Táimid buartha faoin Bhréalú
Tá sé curtha in iúl ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil siad buartha faoi imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.
Dúirt urlabhraí: “Ní bheidh sé ina iomláine soiléir sa ghearrthéarma cén cineál tionchair a bheidh aige ar gheilleagar na Gaeltachta agus ar na comhlachtaí atá lonnaithe ansin go dtí go mbeidh an próiseas sin curtha i gcrích.
“Tá sé ráite go nglacfaidh sé cúpla bliain chun na sonraí uile a oibriú amach.
“De ghnáth, is é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim chun easpórtála dár gcliaint nó d’aon chomhlacht a bheidh ag dul i mbun easpórtála den chéad uair.
“Faoi láthair, tá beagnach 20% de dhíolacháin easpórtála ár gcliantchomhlachtaí ag dul chuig an Ríocht Aontaithe. Is ionann seo agus €100 milliún sa bhliain.
Margadh
“Braitheann go leor ar láidreacht na steirlinge sna míonna romhainn.”
Glacfaidh sé dhá bhliain le go mbeidh an ‘Bréalú’ i bhfeidhm ina iomláine, agus imeoidh Tuaisceart Éireann as an Aontas Eorpach ainneoin gur vótáil formhór na ndaoine gurbh fhearr leo fanacht.
Lean urlabhraí an Údaráis: “Tá na cliantchomhlachtaí a dhéanann easpórtáil chuig an Ríocht Aontaithe ag brath go mór ar an margadh sin agus cruthóidh aon neamhchinnteacht sa mhargadh deacrachtaí do chúrsaí trádála.
“Sa ghearrthéarma, is é an tionscal turasóireachta an earnáil is mó a mbeadh tionchar ag Brexit le feiceáil air, le 3.3 milliún nó 40% de thurasóirí chun na tíre seo ag teacht ón Ríocht Aontaithe.
“Agus ráta Steirlinge ag titim, mar shampla, ní bheidh an tír seo chomh tarraingteach.”