Irish Independent - Seachtain

Laoch raidió ar lár

Faigheann Séamus bás go tobann i ndiaidh dó clár a láithriú ar RnaG

- Le Gearóid Ó Muilleoir

Tá pobal na Gaeltachta faoi bhrón i ndiaidh bhás tobann bhainisteo­ir stáisiúin Raidió na Gaeltachta i dTír Chonaill, Séamus Mac Géidigh.

B’fhear uasal, stuama, cneasta é Séamus (ar chlé), a chuaigh ar shlí na fírinne Dé Luain cúpla uair an chloig i ndiaidh dó clár a chraoladh ar an stáisiún, agus gan ach 55 bliana slánaithe aige.

Tá go leor daoine tar éis a n-ómós agus a gcomhbhrón a chur in iúl do mhuintir an chraoltóra a raibh anghean agus an-mheas ag an phobal air.

Tháinig Séamus i gcomharbac­ht ar Edel Ní Chuireáin mar eagarthóir an stáisiúin, agus ba mhór an meas a bhí ag a chomhghlea­caithe ar fad air.

Ba thuairisce­oir é freisin agus chuir sé an clár Barrscéalt­a i láthair cúpla uair an chloig sula bhfuair sé bás.

Bhí an-spéis aige i gcúrsaí CLG, agus tráthnóna Dé Sathairn seo caite thaistil sé go dtí an Cabhán chun cluiche leathchean­nais Chraobh Uladh idir Dún na nGall agus Muineachán a chraoladh beo. Bhí sé in Bordeaux na Fraince fosta ag déanamh tráchtaire­achta ar chluiche na hÉireann trí seachtaine ó shin.

Bhí an-bhaint aige leis an phobal áitiúil i nGort an Choirce.

Dúirt an Teachta Pat the Cope Ó Gallchóir go raibh sé “croíbhrist­e” faoi bhás tobann Shéamuis.

“B’iriseoir cóir agus cothrom é mar

láithreoir, mar anailísí agus mar thráchtair­e, agus bhí cáil ar fud na tíre ar a chuid tráchtaire­achta ar na cluichí Gaelacha. Bhíodh na caighdeáin is airde i gcónaí aige ina ghairm.

“Déanaim comhbhrón ó chroí le Dolores agus lena gclann agus lena chomhghlea­caithe i Raidió na Gaeltachta,” a dúirt sé.

Dúirt an tAire Joe McHugh gur bhain sé siar as go hiomlán nuair a chuala sé faoi bhás Shéamuis.

“D’fhág Séamus oidhreacht láidir sa mhéid a chuir sé leis an phobal, le cúrsaí reatha agus leis an spórt. Bhraith mé féin go pearsanta a ghrá don teanga agus an dóigh inspioráid­each a bhí aige le daoine eile a spreagadh chun an teanga a labhairt.

Moladh go hard é ar na meáin shóisialta. Scríobh a chomhchrao­ltóir Seán Bán Breathnach ar Twitter: “Sár-chraoltóir, tráchtaire den chéad scoth & fear uasail. Beidh Séamus Mac Géidigh ina sholas i measc laochra mhóra na bhflaithea­s.”

Uasal

Scríobh Máirín Nic Dhonnchadh­a: “Fear uasal cineálta, séimh agus sárchraolt­óir, imithe i bhfad róluath.” Scríobh Colman Hanley: “Cairdiúil liom i gcónaí, tráchtaire den scoth, Conallach uasal.”

Dúirt uachtarán Chumann Lúthchleas Gael Aogán Ó Fearghail: “Gael is tráchtaire den scoth, go dtabharfaí Dia suaimhneas dá anam uasal. Tá scamaill dhorcha os cionn Pháirc an Chrócaigh inniu.”

Scríobh Dónal Ó Grádaigh: “Fuaim binn an Domhnaigh mar pháiste dhom. @SBBinashui Mícheál Ó Sé & Séamus Mac Géidigh.”

Scríobh an craoltóir Máire Bhreathnac­h: “Tráchtaire den chéad scoth, Gael iontach & níos tábhachtaí fear uasal amach is amach. Cailliúint mhór.”

Dúirt an t-iriseoir Concubhar Ó Liatháin: “Crónófar a ghlór ag cur síos ar an aicsean ag cluichí móra, cluichí na gConallach ach go háirithe, an samhradh seo agus sna samhraí atá le teacht.”

B’as an Ardaigh Bheag, Gort an Choirce, do Shéamus. Maireann a bhean chéile agus a thriúr clainne.

 ??  ??
 ??  ?? Ómós: Tvuít ó Aogán Ó Fearghail
Ómós: Tvuít ó Aogán Ó Fearghail

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland