Irish Independent - Seachtain

Ó MUIRCHEART­AIGH:

IS SUIMIÚIL SCÉAL NA hIOMÁNA I mBLIANA

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Ag an bpointe seo tá crot fíor-spéisiúil ar an íomhá atá againn des na babhtaí deiridh de Chraobh Iomána na hÉireann.

Tá ocht bhfoireann san iomaíocht go fóill — na Muimhnigh uilig seachas Ciarraí i dteannta Chill Chainnigh, Loch Garman agus na Gaillimhe. Is suntasach go bhfuil Craobh Laighean gafa ag Cill Chainnigh uair amháin eile.

Ní bheidh ionadh orm ach oiread má bhíonn na geallghlac­adóirí ag fógairt go luath go bhfuil na Cait mar a rogha le Craobh Uile-Éireann eile a chlárú sa bhfómhar.

Mar sin féin tá lucht leanta na hiomána ag tnúth go mór leis na cluichí go léir atá fágtha agus den dtuairim go mbeidh géar-iomaíocht iontu uilig.

Reachtáilf­ear an ‘aperitif ’ ina dhá scar ar an Satharn seo chugainn — an Clár in aghaidh a gcomharsai­n Luimneach i gcluiche amháin agus Corcaigh á fhéachaint le Loch Garman sa cheann eile.

Réiteoidh torthaí na gcluichí úd i nDurlas Éile an bóthar don mbabhta ceathrú ceannais — buaiteoirí an tSathairn ag dul chun páirce in aghaidh na Gaillimhe agus tánaistí Chraobh na Mumhan atá ar chlár an Domhnaigh seo chugainn.

Nochtas féin smaoineamh faid a bhí Comórtas na Sraithe faoi lán tseol go gcasfadh an Clár agus Tiobraid Árann ar a chéile sa chluiche ceannais agus go mbeadh an lá leis na Cláirínigh. Sin mar a bhí ag críoch Shraith Allianz.

Ach bhí aguisín agamsa le m’fhaisnéis — go mbeadh an péire céanna i gcluiche ceannais na Mumhan agus cluiche ceannais na hÉireann. Bhí leath den fhírinne sa mhéid sin — chuaigh an Clár ar seachrán sa bhabhta leathchean­nais ach ghaibh na Tiobradaig­h Craobh na Mumhan.

Tá an dís — Tiobraid Árann agus an Clár — i measc an ochtair atá ‘beo’ agus cá bhfios cad tá le teacht?

Bhí loighic áirithe ag baint le m’fhaisnéis ag an am gur saolaíodh é mar go raibh tréith chomónta ag baint leo beirt. Ghaibh Tiobraid Árann Craobh na hÉireann go glórmhar sa bhliain 2010.

Ní nach ionadh bhí tuairimíoc­ht sa tsiúl go raibh deireadh (arís) le ré na gCat agus go raibh sonas breise i ndán don gClár. Faraoir, óna dtaobh amhail ‘Tiobraid Árann 2010’, ’sé tharla ná dhá Chraobh Uile-Éireann eile do Chill Chainnigh ins na blianta 2014 agus ’15.

Um an dtaca sin bhí tuairimíoc­ht de shórt eile ag neartú i measc lucht leanta na hiomána — tuairimíoc­ht a bhí ag tabhairt le fios go mb’fhéidir nach raibh foireann Thiobraid Árann 2010 ná foireann an Chláir 2013 chomh foirfe agus a samhlaíodh tráth.

Gan amhras tá a leithéid cloiste go díreach nó go hindíreach ag na himreoirí agus creidimse go bhfuil faobhar agus cíocras breise ag baint leo i mbliana dá bharr. Táid araon ‘ann’ go fóill. Coinnígí súil ghéar orthu as seo amach mar níl dráma iomána 2016 ach ina thús.

Le margaíocht mhaith d’fhéadfaí lucht leanta nua a mhealladh.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland