Irish Independent - Seachtain

Ó SÉ: AN BHFUIL COMÓRADH AN CHÉID THART CHEANA FÉIN?

-

Bhí gach éinne ag súil go mór le comóradh céad bliain 1916 agus bhíos fhéin ag súil le comóradh i rith na bliana ar fad. Ar shlí thosnaigh an traein ag gluaiseach­t i mí Eanáir agus ag bailiú luais suas go dtí Seachtain na Cásca agus ar chuma éigin tháinig stad iomlán leis agus níl a fhios agam an mbogfaidh sé aríst.

Má théann muid siar go 1916 níor stad an traein seo tar éis eachtraí an Éirí Amach — lean an traein agus é ag bogadh níos moille agus ar bhealach difriúil ach níor stad sé!

Ag an bpointe seo céad bliain ó shin bhí cuid mhaith acu siúd a throid le linn an chatha sa phríosún.

Ba breá liom a fháil amach cad a bhí ag dul trína gceann siúd. Níl aon dabht ach go raibh díoltas i gceist!

Má bhí cúis acu roimhe seo bhí an tine ar lasadh anois iontu. Rud amháin iad fhéin a bheith sa phríosún ach rud eile iad siúd a cuireadh chun báis.

Ghoill sé seo go mór orthu agus ar shlí maireann an ghoin seo go dtí an lá atá inniu ann.

Cad mar gheall ar mhuintir na ndaoine a maraíodh? Cad a bhí ina gceannsan céad bliain ó shin?

Níl aon dabht ach go raibh an traein seo fós ag gluaiseach­t dóibh ach i slí mhall — sea, ana-mhall ar fad!

Bhíodar tar éis duine muintearth­a a chailliúin­t os comhair an domhain mhóir agus bhíodar ag iarraidh déileáil leis seo. Bhí aithreacha, deartháire­acha, mic, fir chéile ina measc siúd a maraíodh.

Bhí gach aon tsórt cailliúna ann. B’iad seo ba mhó a chaill. Bhí na Sasanaigh i réim agus ní foláir gur cheapadar go raibh an ceart déanta acu?

An raibh éinne ina measc a cheap gur botún a bhí ann daoine a chur chun báis? Nuair a tháinig sé go hÉirinn, bhíodar dall go maith agus is minic a bhí!

Bhí comóradh eile le seachtain anuas ar Chath Somme — ach cad a bhí i gcroíthe na nGael seo a bhí in Arm na Breataine ag an am?

Bhí an traein a bhordáil siad ag bogadh siar isteach san Eoraip.

Ní raibh rudaí dubh agus bán. Bhí daoine ar aon taobh agus ar an ndá thaobh ag an am gcéanna.

Sé an trua go bhfuil lag trá ann fé seo ar fad, mar is eol do gach duine tá ana-chuid ceisteanna ann agus rachadh sé chun tairbhe dúinn ar fad na freagraí a fháil.

 ??  ??
 ??  ?? Ómós: Beirt bhuachaill­í in éide airm 1916 agus, thíos, an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ag comóradh an Somme an tseachtain seo
Ómós: Beirt bhuachaill­í in éide airm 1916 agus, thíos, an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ag comóradh an Somme an tseachtain seo
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland