COLÁISTE CHAMUIS
“Tá rudaí ag dul go hiontach i gColáiste Chamuis,” a deir Máire Denvir, bainisteoir agus bunaitheoir an choláiste i gConamara.
“Níor tháinig laghdú riamh ar an méid scoláirí le linn an chúlaithe eacnamaíochta agus táimid go fóill ag dul go maith.”
Tá trí choláiste faoi bhrat Choláiste Chamuis. Tá siad lonnaithe i Ros an Mhíl, ar an Tulach agus i gCamus féin.
“Tá áiseanna den chéad scoth againn.
“Tá foirgneamh mór millteach againn a thóg muid féin i Ros a’ Mhíl agus tá ionad againn ar an Tulach agus i gCamus freisin.”
Ní raibh fadhb acu go dtí le déanaí leis na mná tí atá ag obair leo. Tá córas acu ina mbíonn siad i gcónaí i dteagmháil leis na mná tí agus go dtuigeann siad ar fad a chéile.
“Tá na mná tí is fearr sa tír againn anseo, dar linne,” a deir Máire, “ach tá gá le dream óg freisin le teacht ina ndiaidh. Ní fheicim féin mórán tithe nua á thógáil thart ar Chonamara de bharr deacrachtaí pleanála.”
Tá Coláiste Chamuis bródúil as an gcaighdeán Gaeilge a mhúineann siad. Is é Gaeilge mhaith a mhúineadh don chéad ghlúin eile príomhaidhm Choláiste Chamuis.
“Tá na poist seo ar fáil anois san Aontas Eorpach agus caithfimid cinnte a dhéanamh go mbeidh Gaeilgeoirí ar fáil le glacadh leo.”
Tá tuilleadh eolais faoi Choláiste Chamuis ar fáil ar an suíomh www.colaistechamuis.ie.
Ar ndóigh, tá Coláiste Lurgan i gConamara freisin — coláiste atá i mbéal an phobail i rith an ama.