Irish Independent - Seachtain

Déanfaidh iasachtaí ‘scrios ar mhic léinn’

- Le Sinéad Nic Con Rí

Má chuirtear iallach ar mhic léinn iasachtaí a fháil, is iad an mheánaicme agus an uasaicme amháin a bheidh in ann freastal ar an ollscoil, a dúirt ceannairí na mac léinn inné.

Mhol tuarascáil a eisíodh níos túisce an tseachtain seo go n-íocfadh mic léinn as iasachtaí chun dul chuig an ollscoil agus chuig institiúid­í tríú leibhéal eile.

Ach chosnódh sé sin suas go €60,000 ar mhic léinn leighis.

Deir Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ) nach bhfuil an dara rogha ann ach córas oideachais saor in aisce a chur ar fáil, cosúil leis an gceann atá ar fáil sa Ghearmáin agus san Iorua.

Íocann mic léinn €3,000 ar tháillí clárúcháin gach bliain faoi láthair.

Meánchosta­s

Dúirt Uachtarán AMLÉ, Annie Hoey (ar dheis), le Seachtain: “Is é an meánchosta­s reatha a bhíonn le híoc as an gcoláiste faoi láthair ná €11,000 in aghaidh na bliana.

“Agus maireann cúrsaí coláiste idir dhá bhliain agus sé bliana, má tá tú i mbun leighis, arb ionann é mar sin agus €66,000.

“Cuirfidh sé stop le daoine cur isteach ar an gcoláiste má bhíonn orthu iasacht €66,000 a fháil mar mhac léinn atá 17 nó 18 mbliana d’aois, nó díreach tar éis tabhairt faoin Ardteist.

“Is cuma cén chaoi a gcuirtear i láthair é, is scéim iasachta í scéim iasachta agus beidh go leor fadhbanna ag baint léi mar a bhíonn le gach scéim iasachta, cosúil leis an mbearna idir daibhir agus saibhir a bheith ag méadú, céimithe ar imirce agus cúlú sóisialta. “Is í glúin s’againne an chéad ghlúin a bheidh níos boichte ná ár dtuismithe­oirí – cén chaoi a bhféadfadh muid dul chun cinn a dhéanamh má tá scéimeanna iasachta do mhic léinn le tabhairt isteach do na daoine óga ar fad? “Cén banc a thabharfad­h morgáiste do lánúin óg nó d’oibrí óg gairmiúil a bhfuil na mílte mílte euro i bhfiacha acu cheana féin, agus iad báite sna fiacha sin de bharr chostas an oideachais?” Tugadh le fios i dTuarascái­l Cassells freisin go bhfuil fadhbanna ollmhóra le rogha na scéime iasachta, agus admhaíodh go mbeadh imirce céimithe ina fadhb eile dá nglacfaí le scéim iasachta do mhic léinn.

Fadhbanna

Cé gur cháin AMLÉ moladh na scéime iasachta go láidir, d’fháiltigh sé roimh an rogha go gcuirfí oideachas saor in aisce le maoiniú poiblí ar fáil. Dúirt AMLÉ gurb é sin an rogha is fearr i dtéarmaí cleachtas fadtéarmac­h agus praiticiúl­achta, rochtana, rannpháirt­íochta, dul chun cinn, cothroime agus uaillmhian náisiúnta. Dúirt Annie Hoey: “Ó 2008 i leith, tá an táille clárúcháin tar éis méadú faoi thrí agus níos mó. “Tá an t-oideachas tríú leibhéal in Éirinn i ndeireadh na feide. “Caithfear oideachas ceart saor in aisce a thabhairt ar ais arís in Éirinn tríd an táille clárúcháin a laghdú nó a chur ar ceal, agus tacaíocht do mhic léinn a mhéadú.”

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland