CRAOBH CÚIGE IDIR DHÁ CHEANN NA MEÁ
Cluiche Ceannais Peile Uladh Tír Eoghain v Dhún na nGall Páirc Thiarnaigh Naofa, Dé Domhnaigh @14.00 Cluiche Ceannais Peile Laighean Baile Átha Cliath v na hIarmhí Páirc an Chrócaigh, Dé Domhnaigh @16.00
Tír Eoghain nó Dún na nGall? Sin í an cheist roimh chluiche ceannais Uladh Dé Domhnaigh.
Seo an chéad uair ó 2010 a bheidh Tír Eoghain ann, i gcomparáid le Dún na nGall atá san iomaíocht don Chorn Angla-Cheilteach den séú bliain as a chéile.
Thóg sé an dara hiarracht ar an dá fhoireann an babhta ceannais a shroichint. Chuir Tír Eoghain deireadh le sodar an Chabháin sa bhabhta leathcheannais le taispeántas fuarchúiseach 5-18 le 2-17.
Rud a chur iontas ar go leor sa chéad chluiche ná an dóigh gur éirigh leis an Chabhán trí chúl a aimsiú, go háirithe mar go bhfuil clú ar chosantóirí Thír Eoghain as a bheith dian.
Imní
Cé go bhfuair an Cabhán dhá chúl sa dara cluiche, tharla sé sna bomaití deireanacha agus ní cúis imní é d’fhoireann Mickey Harte.
Rinneadh go leor cainte faoi aois Dhún na nGall agus faoin mhéid oibre atá déanta acu le tamall ach léirigh na cluichí in aghaidh Mhuineacháin cé chomh mór agus ocrach atá siad chun a gceathrú Craobh Uladh a chrochadh leo ó 2011.
Cluichí fisicúla crua a bhí ann ach sa dá chluiche nuair a bhí Dún na nGall in uachtar, chaill siad a mbealach agus lig siad do Mhuineachán teacht ar ais sa chluiche. Seo rud a chaithfidh siad a bheith airdeallach air.
Déarfainn nach mbeidh cluiche ceannais Laighean chomh cóngarach agus a bheidh a mhacasamhail i gCúige Uladh. Imreoidh seaimpíní na hÉireann agus Laighean Baile Átha Cliath in aghaidh na hIarmhí ag a 4in Dé Domhnaigh.
Sin an duais a fuair an Iarmhí tar éis Chill Dara a bhualadh sa chluiche leathcheannais. Iontas na n-iontas ach ag dul siar ar stair an chomórtais, níl an cluiche ceannais sroichte ag an Iarmhí ach faoi chúig ó 1884. Seo an dara bliain as a chéile go bhfuil siad ann ach is í an cheist ná cén sórt taicticí a úsáidfear?
Gluaiseachtaí
Ar ndóigh, anuraidh, bhain siad úsáid as taicticí cosanta agus cé nár aimsigh Baile Átha Cliath ach 2-13, cáineadh an dóigh a imríodh an cluiche.
D’admhaigh bainisteoir na hIarmhí Tom Cribbin go gcaithfidh siad rudaí difriúla a thriail i mbliana agus seans go bhfeicfimid níos mó gluaiseachtaí ar an ionsaí seachas iad a bheith ag díriú ar an chosaint amháin.
Luaigh Cribbin chomh maith go gcaithfidh siad cúl a aimsiú chun aon seans a bheith acu na Dubs a chloí. Ní bheidh mórán ag dul in aghaidh na tuairime sin ach bheadh sé ina mhórshuaitheadh dochreidte dá mbeadh an lá ag an Iarmhí.