Irish Independent - Seachtain

AN MAITH É GO BHFUIL AN GRÁ AR LÁIMH AGAT?

Sílimid go bhfuil an-bhrú orainn sa lá atá inniu ann — ach ba mhaith linn gach rud ar ár mian. An fearr iad na laethanta fadó nuair a bhí ort éirí as do thóin chun caidreamh a dhéanamh in áit dul ar Tinder, a mheabhraío­nn Sorcha Ní Dhubháin

-

Is tromchúise­ach an cinneadh a bhí os mo chomhair. Allas ag teacht ó m’éadan agus m’aghaidh ag éirí te. Cad a roghnóinn? Bhí sé deacair smaoineamh leis an oiread réimse a bhí os mo chomhair. Nílim ábalta déileáil leis an mbrú seo. Éist!

Cad atá do chroí ag impí ort? Go maith, cinneadh déanta, idirghníom­haíocht thart, Toblerone ceannaithe. Siúlaim amach as an siopa.

Sinne an ghlúin nár oibrigh ródhian, sinne an ghlúin leis an saol bog, sinne an ghlúin gan teorainn. Agus an iomarca roghanna againn, an bhfuilimid níos sásta ná mar a bhíothas fadó?

I mo thuairim nílimid, ach a mhalairt, folamh atáimid – folamh i gcorp, anam agus intinn. Ar nós matáin nár oibrigh le tamall táimid bog agus ag éirí níos boige i ngach slí.

Tríd is tríd ní oibríonn daoine an lae inniu chomh cruaigh is a oibríodh fadó ó thaobh uaireanta an chloig, ó thaobh fhisiciúla­cht na hoibre agus ó thaobh na haoise a n-éiríonn daoine as an obair.

Fadó nuair a chríochnai­gh déagóirí an scoil chuadar ag obair. Anois imíonn daoine ag taisteal chun iad féin a “aimsiú”. Cad a bhíonn á lorg acu? Ní fios. Níl a fhios acu féin fiú.

Tá iliomad rompu: cúrsaí, céimeanna, iarchéimea­nna, coláistí, institiúid­í, ollscoilea­nna agus postanna anois a chiallaíon­n nach féidir le daoine óga a n-aigne a dhéanamh suas a thuilleadh.

Féach ar thionscada­l an bhia. Tá an réimse bia gur féidir a cheannach níos leithne ná riamh. Ina ainneoin seo, fós tá líon na ndaoine ag streachail­t le fadhbanna meáchain fíor-ard. Tá sé dodhéanta daoine a shásamh.

Tá gach sórt glasraí, torthaí agus gráin ag teastáilt ón bpobal ar sheilfeann­a an ollmhargai­dh ó thús go deireadh na bliana. Ní hamháin sin ach tá daoine ag súil go mbeidh bídh ó gach tír ar domhan ar fáil sa siopa áitiúil freisin.

Chuala mé fear ag scréachach lá amháin le freastalaí foighneach san ollmhargad­h: “Cad é? Níl aon dragonfrui­t agaibh? Cén saghas siopa é seo in aon chor?” Ba cheart do dhuine éigint míniú don bhfear seo i dtéarmaí loma díreacha nach raibh sé ag maireachta­int i Srí Lanca ach i gCúige Laighean i lár an gheimhridh.

Freisin leis an oiread taistil agus spréanna a cuireadh air, ní raibh an diabhal dragonfrui­t chun mórán maitheasa a dhéanamh dó. Tá daoine ag súil le gach spéis faoin spéir a fháil béal dorais.

Ag aimsiú páirtnéara anois, ní gá éirí as do thóin in aon chor. Tá réimse maith aipeanna agus suíomh ann a gheallann torthaí: Tinder, match.com, EliteSingl­es, Grindr, plentyoffi­sh, srl.

Sa bhliain 2016 níl fonn ar dhaoine stró a chur orthu féin. Dá bharr seo tá daoine ag cumadh suíomh don mhargadh speisialai­the. Suímh dírithe ar dhaoine ag lorg páirtí le tréithe éagsúla: fir le féasóg: bristlr. com, daoine nach n-itheann glútan: glutenfree­singles.com, daoine atá ard: tallfriend­s.com. Cén deireadh a bheidh leis? Suímh dírithe ar dhaoine ar lorg páirtí le gruaig fhionn, dhorcha nó rua b’fhéidir? Suímh chun ciotóga a aimsiú? Deasóga?

Cloisim iad ag gearán: “Ní bheidh mé sásta go dtí go bhfaighim fear rua ciotógach le suim mhór sa reathaíoch­t sléibhe a thuilleann €250,000 sa bhliain! Ó, sea, agus CAITHFIDH sé a bheith ábalta sciáil.”

Táimid millte leis an rogha. Níl éinne sásta níos mó an obair a dhéanamh chun grá a aimsiú. Gach treo a chastar anois, tá cathú ann: drugaí, táibléidí, gnéas, ólachán. Ní raibh an méid san baoil timpeall fadó. Is i bhfad ó “ná lig sinn i gcathú” atá an dream óg anois.

Tógann buachaillí óga sa giom stuif chun corp fearaibh a thabhairt dóibh. Táibléidí urlacain ar an idirlíon chun caitheamh suas. Déantar é seo chun meáchan a chailliúin­t.

Fualbhrost­aigh ionas go n-imeoidh tú go dtí an leithreas. Arís, chun meáchan a chailliúin­t. Seanfhir ag tógaint táibléidí draíochta chun libídeo fear óg a ghnóthú. Tá daoine anois ag iarraidh troid in aghaidh thaoide na haoise agus tá rogha substaintí amuigh ann chun cabhrú leis an gcath seo.

Pé suim atá agat, sláintiúil nó míshláinti­úil, is féidir taighde a dhéanamh air. Is féidir gach rud a cheannach anois ar phraghas áirithe. Níl gá ach dhá ní a bheith agat: Google agus do chárta creidmheas­a.

Ar nós linbh i siopa mór milseán a itheann an iomarca siúcra tá an raon millteanac­h seo díobhálach dúinn.

Tá ár sochaí ag an bpointe anois go dtógann sé an-chuid chun daoine a shásamh. Níl aon teorainn ann, níl aon srianta ann, níl aon bhac ann.

Ní féidir dul chun cinn a stopadh, dar le roinnt daoine. An dul chun cinn é, áfach, má tá sé dochrach dúinn? Is dócha go bhfuil freagracht­aí pearsanta ar gach éinne srianta a chur i bhfeidhm.

An bhfuil dualgas ar eagraíocht éigint cosc a chur i bhfeidhm áfach, ar do shon féin? Smacht a chur orthusan nach féidir iad féin a smachtú?

Tá sáil Achilles ag gach aon duine. Seacláid mo cheann pearsanta. Fiú má tá m’anam folamh ar a laghad bíonn mo bholg lán.

De réir mar a osclaím mo Toblerone tosnaím ag machnamh, ach cén chraic a bheadh ann maireachta­int i ndomhan gan seacláid, Google agus… Tinder? Buaileann an freagra mé díreach nuair a thógaim mo chéad triantán seacláidea­ch i mo bhéal: craic ar bith.

 ??  ??
 ??  ?? Grá: Tá sé ar fáil go héasca anois ar líne
Grá: Tá sé ar fáil go héasca anois ar líne
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland