Meas an phobail de dhíth go géar ar phéas na Stát
Thug mo thaisteal go dtí na Stáit Aontaithe mé an tseachtain seo caite den dara agus den uair dheireanach an samhradh seo.
Athraíodh dátaí oibre orm agus ní rabhas sásta ar dtús agus nuair a d’fhéachas orthu bhí seachtain saoire ann agus leis an aimsir mar a bhí, thugas fé. Táim sa bhaile anois agus ag féachaint amach an fhuinneog agus fonn imeachta orm mar go bhfuil tuile amuigh!
Ní hé an aimsir a bhí i mbéal gach éinne nuair a landálas ach iad siúd a maraíodh i Minnesota agus in Alabama. Bhí na stáisiúin nuachta fé dháir leis seo agus daoine ag teacht amach ar dhá thaobh an scéala.
Ní ró-fhada ina dhiaidh seo gur bhris an scéal go raibh fear tar éis póilíní a mharú i nDallas. Ní raibh faic ón ngealt seo ach póilíní geala a mharú agus sin a dhein sé.
Tá fearg ar gach éinne fé seo agus is cuma cén dath craicinn atá ort, ní leigheasann an sórt seoaonní.
Cuireann an dá thaobh i gcoinne a chéile níos mó. Ta daoine gorma ag rá ‘Black lives matters’ agus tá an ceart acu, ach chun an fhírinne a rá b’fhéidir gur fearr an ráiteas ‘Every life matters’ agus ní bheadh an deighilt chomh mór ann.
Anois an t-am teacht le chéile. Níor cheart go mbeadh dubh agus bán i gcoinne a chéile ach ba cheart go mbeadh maith agus olc!
Anois an t-am go bhfuil ceannairí maithe ag teastáil agus níl radharc ar éinne. Níl aon ní suntasach ráite ag an Uachtarán Obama agus bheifeá ag fanacht le teacht ár dtiarna le focal maith a fháil ó Hillary agus Donald!
Cuireann sé seo anadhíomá orm agus an méid atá ráite ag an mbeirt acu le bliain anuas. Bhíos ag súil le ceannaireacht uaithi agus ní raibh sé ann.
Chuir an scéal seo ó Dhallas brón orainn inár dtig mar gur póilín geal é deartháir le Rita agus dá dtarlódh an rud céanna i New Jersey b’fhéidir gur sinne a bheadh ag gol agus ní clann éigin i dTexas. Tá sé scanrúil nuair a chuimhníonn tú air mar san.
Ag deireadh an lae má chailleann na póilíní meas an phobail titfidh an rud ar fad as a chéile agus nuair a deirim an rud ar fad ciallaíonn sé sin an tsochaí agus baineann sé sin le gach éinne, is cuma gorm nó geal iad!