Irish Independent - Seachtain

Leigheas nachraibh mé féin ag súilles...

- Le Sinéad Nic Con Rí

Tá bean as Contae Chill Mhantáin ar an gcéad duine in Éirinn ar cuireadh cóir leighis nuálach ar a cuid súl.

Tá Stacey Shannon as Contae Chill Mhantáin tar éis a spéaclaí agus na lionsaí tadhaill a chaitheamh uaithi i ndiaidh di tús a chur le saol úr nua a bhuíochas leis an gcóir leighis cheannróda­íoch VisuMax SMILE.

Ba é an tOllamh Johnny Moore, an speisialtó­ir súl is ceannródaí in Éirinn, a thug faoin ngnáthamh VisuMax SMILE sa Cathedral Eye Clinic i mBéal Feirste.

Is é an teicneolaí­ocht léasair den tríú glúin is nuaí é, agus níl a leithéid ar fáil aon áit eile ar oileán na hÉireann faoi láthair.

Tugann sé na buntáistí ar fad a bhaineann le gnáthaimh léasair súl roimhe seo le chéile.

Mar gheall air sin, bíonn níos lú fadhbanna le súile tirime agus níos lú éifeachtaí eile iar-mháinliach­ta ag baint leis. Tá an chóir leighis iomlán an-séimh agus ní thógann sé ach idir 24 agus 48 uair an chloig do na súile teacht ar ais chucu féin arís ina diaidh.

Ar bís

Dúirt Stacey: “Tá sé tar éis mo shaol a athrú. Ní chuireann súile tirime isteach orm níos mó. Ní bhíonn aon ionfhabhtu­ithe orm níos mó. Tá mo pháirtí ar bís mar nach mbím ag clamhsán faoi mo chuid súile tinne leis an t-am ar fad níos mó!”

Deir Stacey go raibh sí gearr-radharcach le 13 bliana anuas ó bhí sí ina déagóir óg ar scoil.

“Bhí fadhbanna agam ag léamh an chláir dhuibh, ag léamh mo chuid leabhar agus ansin le himeacht na mblianta lean mo shúile ar aghaidh ag dul in olcas.

“Faoin am a raibh mé thart ar 18 nó 19 mbliana d’aois bhí radharc na súl an-dona agam. Bhíodh orm lionsaí a chaitheamh an t-am ar fad agus bhíodh mo dhá shúil an-tirim dá bharr sin.

“Dúradh liom nár cheart dom na lionsaí a chaitheamh an t-am ar fad mar nach ndeartar dó sin iad.

“Mar sin bhíodh mé ag babhtáil idir na lionsaí agus na spéaclaí agus bhí mé ag éirí bréan de bheith ag cur lionsaí isteach agus á mbaint, ag cur tuaslagáin i mo shúile. Bhí sé do mo chur soir.”

Lionsaí

Bhí sí ag cuimhneamh ar mháinliach­t léasair súl ach ba é an rud a chuir in iúl di gurb é an t-am trátha é ná turas go Meiriceá Theas dhá bhliain ó shin.

“Chuaigh mé go Meicsiceo agus thuig mé go sciobtha nach bhféadfain­n mo lámha a níochán san uisce áitiúil mar go mbeadh na baictéir san uisce tar éis dul ar mo lionsaí gach uair a d’athraigh mé iad.

“Bhí orm buidéil uisce a cheannach arís is arís eile chun mo chuid lámh a níochán ach bhí sé deacair cuimhneamh air sin i gcónaí.

“B’in an uair a chuir mé i mo luí orm féin go raibh orm fadhb mo shúl a réiteach faoi dheireadh is faoi dheoidh. Ní fhéadfainn leanúint ar aghaidh leis an súile tirime, leis an bpian agus leis an míchompord.”

Deir Stacey go ndearna sí taighde ar chuideacht­aí fud fad na hEorpa chun an ceann a d’oirfeadh di féin a roghnú.

“D’fhiosraigh mé ceann i Londain, ach bhí siad dochreidte daor don mhéid a bhí á dhéanamh acu.

“Dhiúltaigh clinicí súl ar fud na hÉireann, na Breataine agus na hEorpa arís is arís eile Lasik a dhéanamh orm mar nár chreid siad go n-oibreodh an chóir leighis nó gur cheap siad go gcruthódh sí míchompord níos measa. Ach bhí mé cinnte go raibh áit éigin ann a d’fhéadfadh deireadh a chur leis an anró ar fad agus radharc na súl a thabhairt dom gan lionsaí ná spéaclaí.

Eolas

“Ansin lá amháin bhí mé ag léamh ailt ar líne faoi VisuMax SMILE agus tháinig mé ar eolas faoin chlinic i mBéal Feirste.

“Bhí a fhios agam go bhféadfaid­ís siúd cabhrú leo agus ghlaoigh mé orthu.”

Dúirt Stacey: “Thóg an gnáthamh ar fad thart ar 45 nóiméad ó thús deireadh. Dúirt siad go bhféadfadh pian bheag a bheith orm ach níor chuir sé isteach orm mórán ar chor ar bith.

“Nuair a bhí an chóir leighis thart dúradh liom dul ar ais chuig m’óstán agus mo shúile a choinneáil dúnta ar feadh dhá uair an chloig chun sos a thabhairt dóibh agus ligean dóibh socrú.

“Ach tar éis dhá uair an chloig bhí an difríocht thar cionn. Bhí mé chomh sásta sin go ndeachaigh mé amach agus chaith mé an lá ag siopadóire­acht go dtí go raibh mo sparán folamh! “Cuireadh an chóir leighis orm Dé Céadaoin agus thiomáin mé ar ais go Cill Mhantáin Dé hAoine. “Níor chreid mé an difríocht mhór a rinne an chóir leighis dom. “Is faoiseamh ollmhór é nach gcaith-

fidh mé a bheith buartha níos mó faoi lionsaí a chur isteach, iad a bhaint amach, tuaslagán glantachái­n a úsáid. Is é an t-aon aiféala atá orm nach ndearna mé níos luaithe é.”

Imreoirí

Tá an chóir leighis tar éis a saol a dhéanamh níos éasca ina post mar chúntóir pearsanta do chuntasóir dlí-eolaíochta, nuair a bhíonn sí i mbun rííomhphos­t agus ag eagrú cruinnithe. Tá Stacey i measc cuid de na himreoirí CLG is fearr a chuaigh faoi scian mar seo freisin. “Ba mhór an faoiseamh dom a fháil amach go bhféadfain­n dul faoi scian le VisuMax SMILE i ndiaidh dom réiteach na faidhbe a chuardach ar feadh na mblianta.

“Bhí sé níos fearr fós nuair a thuig mé nach mbeadh orm dul i bhfad chun é a dhéanamh,” a dúirt sí.

Dúirt an tOllamh Moore (ar chlé): “Athrú ollmhór ó bhonn é seo i ndáiríre do chóireáil súl mar go dtagann biseach chomh sciobtha sin ar an othar.

“Tá ríméad an domhain orainn do Stacey.”

 ??  ?? Sásamh: Stacy Shannon sa chlinic súl i mBéal Feirste agus, thíos, an trealamh lena ndéantar an chóir leighis
Sásamh: Stacy Shannon sa chlinic súl i mBéal Feirste agus, thíos, an trealamh lena ndéantar an chóir leighis
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland