Bliain na n-íochtarán
Bliain na n-íochtarán a deirtear nuair a smaoiníonn tú ar an mhéid a rinne Leicester i mbliana i bpríomhroinn Shasana, an dóigh gur éirigh leis an Bhreatain Bheag agus leis an Íoslainn muid a spreagadh agus arís rith sé liom an Domhnach seo caite nuair a bhain an Phortaingéil Craobh Sacair na hEorpa den chéad uair riamh.
Ó thús an chomórtais, ní raibh mórán ag tabhairt seans dóibh, leis an Fhrainc mar rogha na coitiantachta roimh an chluiche ceannais chun an comórtas a bhaint.
Cinniúnach
Ach caithfear a rá go raibh na deiseanna acu ach nár tógadh iad. Léirigh an Phortaingéil an tuiscint a bhí san fhoireann agus rinne na fir ionaid difear, le Eder ag aimsiú an chúil chinniúnaigh don Phortaingéil san am bhreise.
Ba é Ronaldo captaen na foirne ach táim ag déanamh nár thuig ná nár chreid sé féin go mbeadh sé ag ardú an choirn go háirithe nuair a d’fhág sé an pháirc ag an 24ú bomaite mar gheall ar ghortú. Sileadh na deora leis le brón agus díomá ach d’athraigh na deora go ríméad agus áthas nuair a séideadh an fheadóg dheireanach.
Iontach
Sin é mar sin ón Fhrainc i mbliana agus buíochas le Dia, níor tharla aon tragóid sceimhlitheoireachta ann. In amantaí, ní raibh an pheil chomh maith sin ach nach bhfuil sé iontach na peileadóirí is fearr a fheiceáil le chéile ar an stáitse is mó ar domhan? Tá Craobh an Domhain le teacht anois agus tá dúil agam go mbeidh Éire ann!