Ar chuala éinne guth an cuaiche?
Bhuail ‘Cuach an Dá Nóta’ isteach i m’aigne le linn an deiridh seachtaine seo caite agus na cluichí iomána a bhí ar an gclár ba chúis leis. Dhearbhaigh na torthaí don bpobal iomána nach raibh ach sé fhoireann fágtha san iomaíocht do Chraobh Uile-Éireann na bliana seo. Bhí tráth cinniúnach sroiste.
Ciallaíonn sé go bhfuil ‘an fíor-chomórtas’ don gCraobh ar tí tosnú go luath. Tá an scagadh déanta agus an ‘Cúldoras’ iata agus mar sin a bheidh sé ar feadh deich mí eile nó mar sin. Tá Craobh na Mumhan i seilbh Thiobraid Árann go fóill agus i bhfianaise an phleanctha a thugadar do Phort Láirge i bPáirc na nGael ar an Domhnach seo caite beidh sé deacair iad a chloí i mbliana .
Is dóigh liom gurb é Criostóir Ó Rinn féin a dúirt gurb é guth na cuaiche a fhógraíonn teacht thráth na cinniúna nuair a bhíodh sé féin gafa go smior leis an iomáint.
Is cosúil go mbíodh ‘Rí an Chamáin’ ag tnúth go mór le guth na cuaiche a chlos agus lán de mheidhir ar theacht an Dá Nóta.
Ag brath ar an aimsir agus corr-ghné eile, ba mhinic gur i laethanta tosaigh na Bealtaine a bhíodh an chuach ag portaireacht. Gairm dos na hiománaithe a bhíodh ann chun bheith réidh do bhiaiste na ‘fíor-iomána’ a bhí ar leac an dorais.
Athraíonn go leor nithe le himeacht na mblianta agus ó saolaíodh an ‘Cúldoras’ tá moill de dhá mhí curtha ar theacht biaiste na fíor-iomána. Ó shin anall ’sé dúnadh an Chúldorais a sheolann ‘an Fhéile’.
Faoi láthair tá cúigear den seisear ar mire agus faobhar ar na camáin i gCill Chainnigh, sa Ghaillimh, i Loch Garman, sa Chlár agus i dTiobraid Árann agus iad ullamh chun catha.
Bhí clár spéisiúil de chluichí peile á reáchtáil thar an deireadh seachtaine seo caite freisin, cluichí cúldorais.
Tá ocht bhfoireann sa rannóg sin go fóill — Doire, an Cabhán, Maigh Eo, Corcaigh, an Clár, Sligeach, an Longfort agus Cill Dara.
Tar éis babhta eile beidh ceithre cinn fágtha chun dul i ngleic leis na tánaistí i gCluichí Ceannais na gCúigí.
’Siad peileadóirí an Longfoirt a bhí i mbéalaibh an phobail tar éis imeachtaí an tSathairn de bharr an ghaisce a bhain lena mbua ar Mhuineachán.
Ó thaobh craobhacha de is beag atá buaite go dtí seo ag na fir lártíre — Craobh na Sraithe leathchéad bliain ó shin agus Craobh Laighean dhá bhliain níos déanaí.
Ar an dtaobh eile den scéal nach raibh an t-ádh dearg le Maigh Eo! Ní dóigh liom gur breith chóir a bhí ann cic éirice a bhronnadh orthu.
Bhí fianaise teilifíse ar fáil; ní thuigim cén fáth nach mbeadh saineolaí ar an láthair agus teacht aige ar scáileán teilifíse chun teacht i gcabhair ar réiteoir ar uairibh. Ní hé ‘Hawk Eye’ an t-aon tobar eolais atá ar fáil.
Mar fhocal scoir nach minic ráite é gur annamh go mbíonn blas den ádh ag Maigh Eo! B’fhéidir faoi dheireadh go bhfuil toil na nDéithe leo.