Níos mó ban de dhíth sa rialtas: Tánaiste
Dúirt an Tánaiste go n-oibreodh ár gcóras níos fearr dá mbeadh níos mó ban sa pholaitíocht mar gheall go bhfuil mná ‘níos fearr’ ag aimsiú réiteach ar fhadhbanna ná fir.
Bhí Frances Fitzgerald (thíos) ag labhairt ag ócáid pholaitiúil do mhná i gContae Shligigh.
Bhí sí ar dhuine de na 14 bhean as iomlán de 17 a bhí ina mball de chomh-aireacht ó bunaíodh an stáit, a tháinig le chéile ag teach an chéad aire mná, an Chuntaois Constance Markievicz.
Agus mná sna poist shinsearacha pholaitiúla ar fad sa Ríocht Aontaithe, Angela Merkel ag rith na Gearmáine agus Hilary Clinton réidh le bheith ina hUachtarán ar Mheiriceá, rinne na mná seo machnamh ag Teach Lios an Daill ar an easpa ban-ionadaithe anseo.
Go deimhin, chuaigh 60 bliain thart sular tugadh post sa chomh-aireacht do bhean eile tar éis Markievicz nuair a ceapadh Máire Nic Eochagáin-Uí Chuinn mar an chéad Aire Gaeltachta in 1979.
Dúirt an Tánaiste le Seachtain: “Nuair a fheiceann tú le chéile muid breathnaíonn sé cosúil le grúpa sách mór.
“Ach is é a theastódh taobh thiar de ná pictiúr de na fir ar fad a bhí sa chomh-aireacht agus bheadh tuiscint eile agat ansin, nár tugadh ról inár rialtais do dhóthain ban thar na blianta. “Creidim go bhfuil an pholaitíocht ag athrú anseo agus in áiteanna eile. Bhíodh sé á rith go hiomlán ag fir.
“Is iondúil go mbreathnaíonn mná ar rudaí ar bhealach éagsúil ná fir agus bíonn claonadh againn comhthuiscint a lorg agus teacht ar chomhréiteach chun rudaí a chur i gcrích agus is é sin atá ag teastáil anois.
“Ach gan aon amhras — agus tá na staitisticí ann lena chruthú — níl dóthain ban le feiceáil sa pholaitíocht áitiúil agus náisiúnta fós.
“Tá rudaí ag feabhsú do mhná ach tá súil agam go bhfeabhsóidh siad a thuilleadh sna blianta atá romhainn.”