Irish Independent - Seachtain

SPÓRT AN BHFUIL TEACHT ANIAR I bPORT LÁIRGE?

- GRÁINNE McELWAIN

In 2011, chaill Port Láirge le 21 phointe in aghaidh Thiobraid Árann, 7-19 in éadan 0-19, i gcluiche ceannais na Mumhan.

Drochlá amach is amach a bhí ag na Déisigh an uair sin, ach thiontaigh siad rudaí timpeall le bua in aghaidh na Gaillimhe sa bhabhta ceathrú ceannais agus ní dhearna siad éasca é do Chill Chainnigh sa chluiche leathchean­nais.

Thiocfadh leat comparáid a dhéanamh idir an bhliain sin agus an bhliain seo nó tá dúshlán mór roimh na Déisigh iad féin a spreagadh in aghaidh Loch Garman sa bhabhta ceathrú ceannais Dé Domhnaigh.

Slad

Rinneadh slad orthu, sa dara leath go háirithe, in aghaidh Thiobraid Árann i gcluiche ceannais na Mumhan agus chaill siad 5-19 in éadan 0-13, 21 phointe — an bhearna chéanna is a bhí ann cúig bliana ó shin. Ar an lá, níor imir Port Láirge go maith, bhí an chosaint faoi bhrú millteanac­h agus is ar fóraoil a chuaigh go leor de na poic shaora.

Mar sin, is dócha go raibh jab deacair le déanamh ag Derek McGrath agus a fhoireann bhainistío­chta le coicís anuas muinín an ghrúpa a chothú agus a neartú.

Cuidiú mór a bhí sa bhua shlachtmha­r a bhí ag an fhoireann faoi 21 in aghaidh an Chláir an tseachtain seo caite. Seo an fhoireann a bhuaigh Craobh Mhionúr na hÉireann in 2013. Ach léirigh Austin Gleeson, Patrick Curran agus Shane Bennett cinnireach­t, agus rinne Tom Devine agus Conor Gleeson difear nuair a tháinig siad ar an pháirc mar ionadaithe.

Ní raibh ach cúilín idir Port Láirge agus Loch Garman nuair a d’imir siad in aghaidh a chéile sa tsraith chun áit a thochailt amach sna babhtaí leathchean­nais.

Ó shin, bhí buanna maithe ag Loch Babhtaí Ceathrú Ceannais Iomána na hÉireann Loch Garman v Port Láirge, Staid Semple, Dúrlas Éile, Dé Domhnaigh @14.00 An Clár v Gaillimh, Staid Semple, Dé Domhnaigh @16.00 Garman in aghaidh Uíbh Fhailí agus Chorcaí agus tá siad in ardmhuinín dá bharr. Beidh le feiceáil an leor coicís ag fir na nDéise le rudaí a chasadh timpeall.

Sa dara cluiche Dé Domhnaigh, tabharfaid­h an Clár aghaidh ar Ghaillimh. Arís, cuirfear an cheist cén taispeánta­s a fheicfimid ó Ghaillimh?

Máistrí

In aghaidh Chill Chainnigh i gcluiche ceannais Laighean, d’imir siad go maith sa chéad leath ach mar a bhí i mbabhta ceananis na hÉireann 2015, lig siad na Cait a bheith ina máistrí sa dara leath.

Níor chuidigh iar-bhainisteo­ir an Chláir agus na Gaillimhe Ger Loughnane le cás an Chláir nuair a chuir sé a ladar isteach faoi thaispeánt­as na Gaillimhe i gCraobh Laighean.

Seo athimirt den chluiche a imríodh in 2013 idir an dá chontae. Tháinig an Clár amach chun cinn an t-am sin agus d’éirigh leo Corn Liam Mhic Cárthaigh a ardú ag deireadh an tsamhraidh. An dtarlóidh sé arís?

 ??  ??
 ??  ?? Cinnireach­t: Áistín Ó Gliasáin
Cinnireach­t: Áistín Ó Gliasáin
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland