Irish Independent - Seachtain

ÓSÉ IS É WELD MO CHARA AG RÁSAÍ NA GAILLIMHE

-

Tháinig agus d’imigh an samhradh tamall fada ó shin agus an dtiocfaidh sé uair amháin eile sula rachaidh na páistí ar ais ar scoil? Bhí píosa beag gréine againn an tseachtain seo ach níl fhios ag éinne an mairfidh sí.

Thar aon seachtain eile cuireann sé isteach orm nuair a bhíonn drochaimsi­r ann le linn Rásaí na Gaillimhe!

Níl faic níos measa ná pictiúir a fheiceáil sa pháipéar agus na mná déanta suas agus iad ag troid i gcoinne na haimsire. Ní bhuann éinne sa chás sin!

Teacht le chéile speisialta iad na rásaí seo nuair a mheascann óg agus aosta le chéile — ní hamháin sin ach póstar lucht capall agus iad siúd nach bhfaca capall riamh agus baintear fíorshásam­h as.

Tá laethanta ar leith ann do dhaoine ar leith chomh maith, cé nách bhfuil sé oifigiúil.

Ar an Luan is iad muintir na háite a thagann amach.

Bíonn na rásaí sa tráthnóna an lá sin agus bíonn atmaisféar ana-dheas timpeall, go mórmhór má bhíonn ár seanchara ‘an aimsir’ linn.

Is minic a fhaightear ‘an t-amaitéarac­h’ amach ar an lá sin chomh maith. Tarlaíonn sé gach aon bhliain! Iad siúd a thagann le pócaí lán d’airgead agus é i gceist acu dul ag ól agus tuilleadh airgid a dhéanamh!

Is minic iad seo imithe abhaile roimh an dara rás deireaneac­h ainneoin rún bheith acu fanacht go Satharn. Foghlaimeo­idh siad fé mar a dheineamar ar fad!

Is iontach an lá an Mháirt ach chun an fhírinne a rá níl daoine ach ag prapáil don gCéadaoin. Mura maith leat sluaite fan sa bhaile go dtí an Aoine mar go mbíonn an Chéadaoin agus an Déardaoin lán agus lán ar gach slí! Bí istigh luath an dá la seo.

Bíonn daoine i gcónaí ag iarraidh airgead a dhéanamh ag an bhféile seo agus is dóigh liom féin gurb í an fhéile rásaíochta is deacra í!

Ar an an gcéad dul síos teastaíonn ó gach éinne buaiteoir a bheith acu — marcaigh, traenálait­he, úinéirí agus gealltóirí.

Deirim é seo i gcónaí — lean Dermot Weld, is é rí na háite é. Níl faic níos measa ná bheith ann ag deireadh agus gan aon phingin déanta agus Dermot Weld tar éis deich mbuaiteoir a bheith aige agus tusa ag cur airgid ar dhaoine eile!

Bí ag faire amach freisin do chapaill a bhuann agus a ritheann go maith ag tús na seachtaine agus iad ag rith arís le linn na féile. Ar deireadh agus é ráite go mion minic agam, maratón atá sna rásaí seo agus ní rás ráibe!

 ??  ??
 ??  ?? Seolann Kelly McGrath Rásaí na Gaillimhe an tseachtain seo. Thíos, na capaill ag rith agus an traenálaí clúiteach Dermot Weld
Seolann Kelly McGrath Rásaí na Gaillimhe an tseachtain seo. Thíos, na capaill ag rith agus an traenálaí clúiteach Dermot Weld
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland