Spórt atá tarraingteach
Tá Tarraingt na Téiide á himirt fud fad na hÉireannle fada an lá
Is cluiche é a d’imir muid uilig sa chlós scoile nó sa tsráid ar mhaithe leis an chraic nuair a bhí muid óg — ach is spórt ársa é atá á chleachtadh ar fud na hÉireann agus an domhain agus a bheidh sna Cluichí Oilimpeacht, lá éigin, b’fhéidir.
An rud atá ann ná Tarraingt na Téide agus bíonn corradh agus 30 club a páirteach i gcomórtais gach Domhnach timpeall na hÉireann, fiú gur spórt níos mó é i Sasana agus san Eilvéis.
Abhus in Éirinn, imríonn na clubanna i ngach aon chúige in aghaidh a chéile agus téann an buaiteoir ar aghaidh go dtí Craobhchomórtas Náisiúnta na hÉireann.
Glacann foireann na hÉireann páirt sna comórtais idirnáisiúnta freisin. Bíonn Craobhchomórtas Shasana ann gach bliain agus de ghnáth cuireann Éireann foireann go dtí an comórtas sin.
Ansin gach dara bliain bíonn Craobhchomórtas na hEorpa ann agus Craobhchomórtas Domhanda. Beidh Craobhchomórtas na hEorpa ar siúl i Malmo na Sualainne i mbliana.
Tá muintir na hÉireann ag siúl le foireann na bhfear, foireann óige agus foireann na mban a chur ann. Íocann na himreoirí as a gcuid lóistín agus a gcuid taistil féin. Déanann siad bailiúcháin airgid le cabhrú leo.
Anuraidh, fuair siad airgead ó Spórt Éireann le forbairt a dhéanamh ar Tharraingt na Téide do mhná agus do dhaoine óga.
Le linn na scoilbhliana deireanaí rinne imreoirí taispeántais i scoileanna fud fad na tíre le níos mó daoine a chur ar an eolas faoin spórt. Thaispeáin siad do dhaltaí bunscoile agus meánscoile conas a imrítear Tarraingt na Téide agus tugadh rópa do roinnt de na scoileanna le go dtiocfadh leo dul a chleachtadh.
“Bhí muid ag iarraidh go mbeadh níos mó daoine ar an eolas faoin spórt,” a deir Mary Catherine Murphy as Cill Mhantáin, cisteoir Chumann Tarraingt Téide na hÉireann.
Le bheith go maith ag Tarraingt na Téide caithfidh tú a bheith iontach aclaí. Leanann na comórtais ar aghaidh tríd an lá ar fad agus mar sin, caithfidh neart teacht aniar a bheith ag na himreoirí freisin.
Tarlaíonn na comórtais in Éirinn ar an Domhnach amháin. Nuair a théann siad go dtí na comórtais níos mó — Craobhchomórtas Shasana agus mar sin — maireann na comórtais ceithre lá.
Is ball í Mary Catherine de chlub Bhaile na Stua i gCill Mhantáin. Ó mhí Feabhra go dtí mí Aibreáin bíonn baill an chlub ag traenáil. Téann siad ag rith