Deontais do na tograí Gaeilge
Tá 28 bpost cruthaithe i dtograí úra ag Údarás na Gaeltachta, tugadh le fios an tseachtain seo.
Agus ag cruinniú de Bhord an Údaráis in Acaill ceadaíodh roinnt scéimeanna, ina measc:
Deontas €5,000 do Choiste Ionad Cuimhneacháin na nImirceach, Carna, Co na Gaillimhe, le cuidiú leis an gcoiste tabhairt faoi oibreacha riachtanacha le seirbhísí éagsúla a thabhairt ón phríomhbhóthar chomh fada leis an suíomh tógála.
€12,000 le cuid den spás atá ag an Údarás i bhfoirgneamh dá chuid i nGob an Choire, Acaill, a athchóiriú mar Ghorlann Ghnó agus spás a chur ar fáil d’fhiontraithe.
Deontas staidéar féidearthchta de os cionn €11,000 do Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teo ag na Tithe Gloine i gCill Ulta, An Fál Carrach, Co Dhún na nGall le staidéar a dhéanamh ar dheiseanna gnó úra dírithe ar athbheochan a dhéanamh ar thogra na dtithe gloine ansin.
Turasóireacht
Deontas de €24,000 do Chomhlacht Forbartha Áitiúil Acla Teo le cuidiú leis an chomhlacht forbartha pobail táirgí turasóireacht chultúrtha agus oidhreachta a thabhairt chuig an margadh.
€80,000 le cóiriú a dhéanamh ar aonad de chuid an Údaráis in Ionad Fiontraíochta Ros Muc chun é a chur in oiriúint le spás nua a chur ar fáil do naíonra Ros Muc.
Deontas €4,565 do Chomharchumann Forbartha Chill tSéadhna Teo le háiseanna drámaíochta agus spraoi a fhorbairt i bparóiste Chill tSéadhna i nGaoth Sáile, Co Mhaigh Eo.
Deontas do Chomhaltas Cosanta Chúil Aodha le tacú leo forbairt a dhéanamh ar thogra turasóireacht chultúrtha a dhéanfaidh comóradh ar oidhreacht an cheoil, na hamhránaíochta agus na scríbhneoireachta agus Gairdín Cuimhneacháin a thógáil.