CAD É MAR A IMRÍTEAR É?
Bíonn dhá fhoireann in aghaidh a chéile ag aon am amháin. Bíonn ochtar ar gach foireann de ghnáth. In Éirinn, de bharr easpa daoine i rannóg na mban bíonn seisear ar gach foireann ach cuirtear foirne d’ochtar le chéile do na comórtais idirnáisiúnta.
Leagann an réiteoir an rópa síos ar an talamh. Téann an dá fhoireann go dtí an dá cheann dó i líne díreach. Marc dearg ar an talamh agus ar an rópa a thugann le fios cá bhfuil an lár. Fad ceithre mhéadar ó lár an rópa, ar an dá thaobh, ta marc bán. Leis an mbua a fháil caithfidh foireann amháin marc bán na foirne eile a tharraingt thar an marc dearg.
“Is féidir leis maireachtáil ar feadh deich soicind nó deich nóiméad,” a deir Mary Catherine.
“Is féidir leat físeáin a fheiceáil ar YouTube a léiríonn babhtaí a mhair 20 nóiméad nó mar sin ach ní cheadaíonn an réiteoir a leithéid sin a thuilleadh.”
Níl cead agat suí ar an talamh le linn na tarraingte. Má thiteann tú nó má shuíonn tú síos, séideann an réiteoir an fheadóg uair amháin.
Caithfidh tú iarracht a dhéanamh seasamh agus muna ndéanann, séideann sé an fheadóg arís. Má shéideann sé an fheadóg an tríú huair tá an bua ag an bhfoireann eile.
Imríonn gach foireann in aghaidh a chéile trí huaire. Bíonn an bua ag an bhfoireann a bhaineann dhá uair. Ní imríonn siad an tríú huair má tá an bua ag foireann amháin faoi dhó sa chéad dá chluiche.
Reáchtáiltear na comórtais taobh amuigh le linn an tsamhraidh agus taobh istigh sa gheimhreadh.
Tá trí rannóg ann ó thaobh foirne de do na comórtais: rannóg na mban, rannóg na bhfear agus an rannóg óige. Clúdaíonn an rannóg óige an t-aoisghrúpa 12-18. Bristear na rannóga sin síos de réir meáchain freisin.