Irish Independent - Seachtain

An dosaen dásachtach ann fós

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Is deacair a chreidiúin­t nach bhfuil fágtha i gcoimhlint 2016 do Chorn Sam Mhig Uidhir ach dosaen foirne. Ní rófhada ó shin in aon chor ó bhí dosaen agus scór díobh ar cipíní ó bheith ag tnúth le breis áidh agus beannachta­í eile le cur lena n-iarrachtaí ar bhóithre na craoibhe.

Mar sin féin, is dócha nár chóir gur aniar aduaidh a tháinig sé orainn nach bhfuil ann ach an dosaen anois. Nach bhfuil sé le tabhairt faoi deara cheana féin go bhfuil na laethanta ag giorrú agus nach fada uainn tús an Fhómhair?

Seo agaibh an dosaen dásachtach agus tugaimis tús áite do churaidh na gCúigí — Áth Cliath, Tír Eoghain, Gaillimh agus Ciarraí. Bhí an iomaíocht do Chraobh Laighean go hainnis ar fad agus níor shil imreoirí Átha Cliath mórán allais is iad ag gabháil na craoibhe.

Don dara bliain as a chéile d’éirigh leis an Iarmhí an cluiche ceannais a shroisint agus is mór an gaisce an méid sin ann féin.

Ach ’sé an fhírinne é sa dá chás go raibh foireann na hardcathra­ch i bhfad Éireann róchumhach­tach dóibh chomh luath agus a ghéaraigh an comhrac.

Dealraíonn sé ag an bpointe seo go mbeadh ciall ag baint le moladh a bhí sa tsiúl cúpla bliain ó shin, ’sé sin Contae Átha Cliath a roinnt ina dhá leath ionas go mbeadh dhá fhoireann ón gcontae páirteach sna comórtais chúige agus náisiúnta. Dar ndóigh bheadh gá le dhá bhord contae.

Is dóigh liom go dtárlóidh a leithéid luath nó mall mar de réir mar tá an córas faoi láthair tá iliomad scoth-imreoirí sa chontae nach bhfuil aitheantas cuí á thabhairt dóibh ó thaobh seans bheith acu ‘Léinteán an Chontae’ a chaitheamh.

Cad é mar atmaisféar a bheadh i bPáirc an Chrócaigh dá mbeadh dhá fhoireann ón gcontae ag tabhairt aghaidh ar a chéile i gcluiche ceannais Laighean nó i gcluiche ceannais na hÉireann!

Bhí dianiomaío­cht ag baint le Craobh Uladh mar is gnách agus a mbua tuillte go maith ag Tír Eoghain sa chluiche ceannais. Mar is dual d’imreoirí a bhíonn faoi chúram Mhicí Uí Airt, chuireadar iomlán a ndíchill lena n-iarracht agus d’éirigh leo.

Díríodh aire ar Chraobh Chonnacht ón uair a bhain peileadóir­í na Gaillimhe barrthuisl­e as Maigh Eo agus ba leis an nGaillimh a bhí tromlach na suime go deireadh. D’éirigh leo an chraobh a thabhairt leo thar an Choirib siar agus meas mór orthu de bharr gaiscí nach rabhthas ag súil leo.

Bhí beocht de shórt ag Craobh na Mumhan ón uair a cheansaigh Tiobraid Árann na Corcaígh ar an mbóthar go dtí an cluiche ceannais. Bhí tús maith acu in aghaidh Chiarraí ach amhail an Iarmhí i gCúige Laighean níor leor é.

Beidh sos ag na curaidh chúige go dtí na babhtaí ceathrú ceannais ach ní hamhlaidh don ochtar eile. Nach suimiúil nach bhfuil ach péire den ochtar ó Chúige Laighean, trí cinn ó Chúige Uladh agus Chonnacht agus ceithre cinn ó Chúige Mumhan?

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland