Suim ag 210 duine i bpoist san AE
TÁ breis agus 200 duine tar éis cur isteach ar 62 post mar aistritheoirí Gaeilge leis an Aontas Eorpach, tuigtear do Seachtain.
Is léiriú follasach é an líon ard seo ar bheocht reatha na teanga, go háirithe agus imní éigin ann nach meallfadh na poist seo go leor iarratasóirí.
Bua don Ghaeilge é nach raibh aon bhunús leis an imní sin.
Tá tuarastal tosaigh de €52,000 ag na poist, atá lonnaithe sa Bhruiséil agus i Lucsamburg.
Ní mór d’iarrastóirí bheith líofa sa Ghaeilge agus dhá theanga Eorpacha eile, ar féidir an Béarla a áireamh ina measc.
Beidh próiseas roghnúcháin a mhairfidh suas le naoi mí anois roimh na hiarrastóirí.
Dúirt Córa De Paor, Oifigeach Allamuigh ag Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, le Seachtain gur chuir 210 duine isteach ar na chéad phoist seo agus go líonfaí tuilleadh folúntas sna cúig bliana amach romhainn. “Léiríodh suim mhór sna folúntais agus is féidir leo sin a n-éireoidh leo bheith ag súil le gairm iontach sa Bhruiséil nó i Lucsamburg, dhá áit ina bhfuil pobail bhríomhara Ghaeilge,” ar sise.
Ag caint dó ar na deiseanna aistriúcháin san Aontas Eorpach, dúirt Rytis Martikonis, ceannasaí Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin, gur “tréimhse spleodrach í seo do phobal na Gaeilge. Tá institiúidí an Aontais Eorpaigh tiomanta go hiomlán agus beidh siad ag obair i ndlúthchomhar le hÉirinn chun tabhairt faoi na dúshláin atá roimpi.”
Cé go bhfuair an Ghaeilge aitheantas mar theanga oifigiúil oibre san AE in 2007, bhí maolú i bhfeidhm maidir leis na seirbhísí a chaithfear a chur ar fáil i nGaeilge. I Nollaig 2015, áfach, chinn Comhairle an Aontais Eorpaigh go gcuirfí deireadh leis an maolú ag deireadh 2021 agus táthar anois ag ullmhú le seirbhísí Gaeilge a sholáthar ar comhchéim leo siúd a sholáthraítear do theangacha oifigiúla eile an Aontais.
Sa deireadh fostófar 180 aistritheoir Gaeilge le bheith ag obair san AE.