Irish Independent - Seachtain

Tá deireadh agam le Garth

-

Tá a fhios againn le fada go bhfuil airgead mór ag baint le ceol. Tá siad siúd ann a thagann agus a imíonn le ‘hit’ amháin agus tá siad siúd ann atá ann le blianta agus tá fós ag tarrac as an dtobar!

Fiú leis an ‘hit’ amháin seo, leanann an cháil iad ina dhiaidh agus deineann cuid acu gairm bheatha as an bpíosa beag seo. Ach cad fé na daoine atá ann le blianta agus atá ar bharr réime le fada agus atá fós ag dul o neart go neart?

Bhíos ag léamh fé Garth Brooks le déanaí. Tá sé fé láthair 26 mí isteach ina thuras ‘Man against Machine’ agus 4.5 milliún ticéad díolta aige agus níl faic sa cheann aige ach curiarrach­t U2 de 7.3 milliún ticéad i gcomhair turais a bhualadh! Rinne U2 é seo le camchuairt 360, idir 2009 agus 2011.

Seachas na suimeanna airgid seo, tá difríocht amháin idir Garth agus buachaillí Bhaile Átha Cliath: tagann U2 amach le ceol nua gach cúpla bliain agus ar shlí, is iad na seanamhrái­n atá ag an mBrookach agus an toirneach chéanna ag béicíl dó!

Agus níor scríobh sé na hamhráin mhóra a rinne réalta de agus nílim cinnte an scríobhann amhráin in aon chor!

Sea, táim sórt imithe i gcoinne Garth Brooks; is cúrsaí airgid is mó a chuireann isteach air na laethanta seo.

In 2014, bhí sé i gceist aige 5 oíche i ndiaidh a chéile a dhéanamh i bPáirc an Chrócaigh agus nuair nár éirigh leis ach cead a aimsiú do 3 oíche, chas sé a dhroim orainn agus níor dhein sé aon cheann! Bhí Éire an-mhaith don bhfear seo agus dúirt sé go raibh grá mór aige dúinn agus don dtír, ach léirigh sé sin dúinn nach raibh ann ach caint.

Ar an lámh eile, is iad U2 an banna is mó a tháinig as Éirinn riamh agus tá siad ar cheann de na grúpaí is mó ar domhan.

Ní chloisfeá aon chac asail mar seo uathu. Deineann siad cad a deireann siad agus is maith liom é seo. Tá ráflaí ag dul timpeall go bhfuil siad chun turas nua a dhéanamh an bhliain seo chugainn, rud a chuirfeadh áthas ar go leor.

Bhíos ar dhuine de na mílte a bhí chun Garth Brooks a fheiscint dhá bhliain ó shin ach má thagann sé sa todhchaí nílim chun bacadh leis an uair sin. Tá deireadh agam leis! Ní feidir liom an rud céanna a rá má thagann U2... bead ann le geansaí Chiarraí orm!

 ??  ?? Garth Brooks
Garth Brooks
 ??  ?? DÁITHÍ
DÁITHÍ

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland