Irish Independent - Seachtain

An teannas ag ardú i gCraobh Peile na mBan

-

Cuirfear tús le babhtaí ceathrú ceannais na hÉireann i gComórtas Craoibhe TG4 i bPeil na mBan, Dé Sathairn, agus deis ag Maigh Eo agus Áth Cliath áit sna babhtaí leathchean­nais a bhaint amach.

Sa chéad chluiche, feicfimid Maigh Eo agus an Iarmhí in adharca a chéile. D’éirigh le Maigh Eo stop a chur le sodar na Gaillimhe nuair a bhí siad sa tóir ar an gcúigiú Craobh Chonnacht as a chéile, sé seachtaine ó shin, ach níl aon chluiche craoibhe imeartha acu ó shin. Don 22ú bliain as a chéile, tá Cora Staunton ag caitheamh gheansaí Mhaigh Eo agus bhí sí iontach arís in aghaidh na Gaillimhe nuair a d’aimisgh sí 2-14.

Ní thocfadh leat mórán a léamh, áfach, ar bhua na hIarmhí in éadáan na Mí sna babhtaí cáilithe ach chaill siad go dona in aghaidh Átha Cliath, le 26 cúilín, i gcluiche ceannais Laighean.

Ciallaíonn sé go mbeidh ar an Iarmhí feabhsú go mór agus níl a fhios agam an bhfuil an cumas iontu dul i ngleic le Staunton agus a comhghleac­aithe.

Is iad Áth Cliath rogha láidir na n-údar in aghaidh Dhún na nGall sa dara cluiche i Longfort.

Is dócha go bhfuil neart anailíse déanta ar Dhún na nGall agus ar Yvonne McMonagle a bhí maorga sa bhua in aghaidh na Gaillimhe sna babhtaí cáilithe. Cosúil le Maigh Eo, tá tréimhse fhada ann ó d’imir Áth Cliath ach caithfidh Dún na nGall tús maith a fháil chun aon seans a thabhairt dóibh féin. Cluichí Ceathrú Ceannais na hÉireann An Iarmhí v Maigh Eo @ 3.15in Áth Cliath v Dún na nGall @ 5.00in

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland