IOMÁINT AN BHFUIL A SEANS CAILLTE?
“AONTAÍTEAR go ginearálta nach gcailleann Cill Chainnigh cluichí athimeartha,” a dúirt bainisteoir Phort Láirge, Derek McGrath, tar éis cluiche den chéad scoth idir a fhoireann agus Cill Chainnigh i gcluiche leathcheannais iomána na hÉireann a chríochnaigh ar comhscór, an tseachtain seo caite.
Luaigh McGrath go raibh díomá orthu ar bhealach nár bhuaigh siad an cluiche go háirithe mar go raibh siad 5 chúilín chun tosaigh agus 15 bhomaite le dul ach tá moladh tuillte ag Cill Chainnigh nó choinnigh siad orthu gan stop gur aimsigh Conor Fogarty an cúilín chun an cluiche a chothromú.
Bheifeá den tuairim go n-imreodh Cill Chainnigh i bhfad níos fearr oíche Dé Sathairn i nDurlas mar níor imir go leor acu go maith Dé Domhnaigh.
Ach thig leis na Déisigh a bheith an-dóchasach fosta.
Beidh siad ag súil go mbeidh Tadhg de Búrca lán chomh hábalta Richie Hogan a choinneáil ‘ciúin’ arís agus go mbeidh Austin Gleeson chomh feiceálach agus a bhí an tseachtain seo caite.
D’oibrigh na Déisigh go han-chrua agus roghnaigh Derek McGrath na teaicticí ceart agus béim aige ar an ionsaí seachas ar an chosaint.
Ach mar a léirigh na Cait san am a chuaigh thart sna cluichí athimeartha, is féidir le Brian Cody teacht suas le rud éigin breise chun iad a chur thar an líne. An bhfuil an seans ann go bhfeicfimid réalta óg nua ag seasamh suas Dé Sathairn? IMREOIDH Gaillimh agus Tiobraid Árann sa dara cluiche leathcheannais Dé Cluichí Leathcheannais na hIomána Dé Sathairn @ 6.45in, Staid Semple Cill Chainnigh v Port Láirge Dé Domhnaigh @ 3.30in, P. an Chróc. Gaillimh v Tiobraid Árann Domhnaigh agus is iad na Tiobradaigh rogha na n-údár tar éis an tsárthaispeántais a thug siad in éadan Phort Láirge i gCluiche Ceannais na Mumhan. Ach níl dearmad déanta ag na Tiobradaigh gurbh é sin an tuairim a bhí ann anuraidh ach gur bhuaigh Gaillimh le cúilín, 0-26 in éadan 3-16, nuair a chas siad lena chéile sa chluiche leathcheannais.
Déarfainn go bhfuil pointe le cruthú ag Tiobraid Árann go háirithe mar gur mhothaigh go leor nár imir siad go maith anuraidh, seachas Seamus Callanan a d’aimsigh 3-9.
Seans go bhfeicfimid Iarla Tannion agus Conor Cooney do Ghaillimh am éigin sa chluiche agus iad ag teacht ar ais chucu féin ó ghortú.
Fuair Gaillimh an lámh in uachtar ar an Chlár sa bhabhta ceathrú ceannais, 2-17 in éadan 0-17 ach cén taispeántas a fheicfimid uathu? Beidh deis iontach acu má éiríonn leo coinneáil ag imirt ar feadh 70 bomaite ach má ligeann siad a maidí le sruth faoi dheireadh an chluiche déanfaidh Tiobraid Árann dochar dochreidte.
Ní gá ach ceist a chur ar Phort Láirge faoi Chluiche Ceannais na Mumhan.