Irish Independent - Seachtain

NUACHT SEISIÚN PÉINTEÁLA COIRP I mBÁC!

- Le Katie McGreal

Is imeacht ealaíne é Body Painting Jam ina dtagann daoine le chéile chun dathú craicinn a dhéanamh ar a chéile.

Agus iad ag obair ina mbeirteann­a, bíonn ról an ealaíontór­a ag duine amháin agus ról an mhainicín ag an duine eile.

Ní chaitheann an mainicín mórán éadaí, díreach t-léine nó bríste gearr, agus i roinnt cásanna ní chaitheann siad aon rud.

“Déanann tú pé rud a bhfuil tú compordach leis,” a deir Emma Ní Chearúil, a oibríonn le hÁrás na nGael i nGaillimh ach a fhreastala­íonn ar imeachtaí péinteála coirp i mBaile Átha Cliath.

Cláraíonn tú ar líne agus cuireann tú in iúl cé acu tá tú ag iarraidh bheith mar ealaíontói­r nó mar mhainicín, agus cé acu tá tú ag iarraidh bheith ag obair le fear nó le bean.

Bíonn na beirteanna i dteagmháil lena chéile roimh ré. Déanann siad plé ar na smaointe atá ag an ealaíontói­r agus pléann siad cad é tá an mainicín sásta a dhéanamh nó a chaitheamh.

“Deir tú leo más seo do chéad uair nó muna bhfuil tú ag iarraidh rudaí áirithe a dhéanamh srl,” a deir Emma.

An lá

Nuair a théann tú ann maidin na péinteála, buaileann tú le gach duine. Bíonn cupán tae agat agus ansin tosaíonn an obair.

“Tarlaíonn sé sách scioptha. Nóiméad amháin tá gach duine ina suí thart ag caint faoi céard a tharlóidh agus an chéad nóiméad eile tá leath den seomra lomnocht!

“Is féidir le duine dul isteach gan tada air nó uirthi ach má tá tú ag iarraidh t-léine nó rud éigin a chaitheamh, tá sin go breá chomh maith.”

Tosaíonn na seisiúin ag 10rn agus críochnaío­nn siad ag 3in.

“Uaireanta bíonn do chosa tinn ag deireadh an lae agus gan seans agat suí síos ar eagla go scriosfaid­h tú an ealaín atá á cruthú,” a deir Emma.

Bíonn grianghraf­adóir ann ag deireadh an lae le pictiúir a ghlacadh de na cruthúchái­n ar fad.

“Má tá tú ag iarraidh do dhroim a thiontú ar an gceamara is féidir sin a dhéanamh,” a mhíníonn Emma. “Síníonn tú conradh agus ní dhéantar aon rud leis na pictiúir muna bhfuil tú á iarraidh. Ní gá duit pictiúr a fháil déanta ar chor ar bith, fiú.”

Molann Emma na himeachtaí seo do gach duine.

“Casann tú le daoine spéisiúla ann,” a deir sí. “Chuaigh mé féin ann liom féin an chéad uair ach thóg mé beirt chairde liom ina dhiaidh sin. Sílim gur thaitin sé go mór le cailín amháin ach níor thaitin sé leis an gcailín eile... braitheann sé ar an duine!”

Dublin Body Painting Jams

Thosaigh Caitríona Giblin na seisiúin i mBaile Átha Cliath dhá bhliain ó shin. Thosaigh sí ag déanamh péinteáil choirp i gCorcaigh agus anois is péinteálaí coirp lánaim- seartha í.

“Bhí mé ag iarraidh deis a thabhairt do dhaoine triail a bhaint as an phéinteáil choirp,” arsa sí. “Bhí mé ag iarraidh pobal a chruthú.”

Tarlaíonn imeachtaí Dublin Body Painting Jams ar Shráid San Agaistín i lár na cathrach. Úsáideann siad seomra taispeánta­is i bhfoirgn- eamh ina bhfuil stiúideo ag Caitríona go lánaimsear­tha. “Tá sé cosúil le seomra rúnda i lár na cathrach,” a deir Emma Ní Chearúil faoin ionad, “agus bíonn atmaisféar álainn ann.” Cuireann siad tae, caife agus cáca ar fáil do na rannpháirt­ithe agus bíonn neart trealamh ealaíne ar díol freisin. Glacann daoine a gcuid trealaimh féin leo don chuid is mó.

Bíonn na himeachtaí ar siúl ag Caitríona ar an Satharn agus ar an Domhnach.

“Taistealaí­onn neart daoine go dtí na himeachtaí agus mar sin shíl mé gurbh fiú dhá lá a dhéanamh de. Tá an obair chéanna i gceist le dhá lá a reáchtáil is atá i gceist le lá amháin a reáchtáil.”

Ní gá gur ealaíontói­r atá ionat le freastal ar na himeachtaí seo. Is féidir leat clárú mar ealaíontói­r fiú muna bhfuil aon taithí ealaíontór­a agat.

Bhí Emma féin i mbun péinteála an chéad uair ach bhí sí ina mainicín ó shin.

“Bhí an t-ealaíontói­r céanna agam an dá uair a bhí mé i mo mhainicín,” a deir sí. “Bhí sin suimiúil. Bheadh sé spéisiúil bheith in éineacht le duine éigin eile an chéad uair eile feiceáil conas a d’oibreodh siadsan.”

Tá sí ag iarraidh é a thriail arís mar ealaíontói­r, cé go ndeir sí nach ealaíontói­r í féin.

Déantar péinteáil choirp mar seo i gCorcaigh agus i bPort Láirge freisin.

Tagann na daoine céanna ar ais go dtí na himeachtaí seo arís is arís eile.

“Tháinig 45 duine go dtí an chéad cheann a d’eagraigh muid riamh,” a deir Caitríona.

“Bhí sin iontach. Anois, tá grúpa ann a thagann ar ais gach uair. Is bealach maith é le líonrú a dhéanamh agus bualadh le daoine difriúla agus le daoine spéisiúla.”

Cuireann sí fáilte roimh dhaoine nua chuig na himeachtaí seo i gcónaí.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh idirlín www.dublinbody­painting.com Beidh siad le feiceáil an deireadh seachtaine seo mar chuid de Thionól Tatú Bhaile Átha Cliath.

Beidh siad ag obair go poiblí an uair sin lena thaispeáin­t do dhaoine céard go díreach é an phéinteáil choirp agus má tá spéis agat páirt a ghlacadh ann, ní gá ach ríomhphost a chur go dublinbody­painting@ gmail.com

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland