Irish Independent - Seachtain

Cúis imní tinreamh na hiomána

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

Imríodh trí chluiche peile i bPáirc an Chrócaigh ar an Satharn seo caite. Mar thús bhí Cluiche Ceannais Peile Sóisear na hÉireann idir Ciarraí agus Maigh Eo; lean an cluiche ceathrú ceannais sinsear idir Maigh Eo agus Tír Eoghain; ansin, mar chlabhsúr, bhí cluiche ceathrú ceannais eile ar an gclár, an uair seo idir Áth Cliath agus Dún na nGall.

Ba bhreá an clár é agus níorbh aon iontas é go raibh breis agus 80,000 i láthair.

D’fhéadfaí an oíche agus maidin Domhnaigh a áireamh mar thréimhse leath ama óir bhain tráthnóna an Domnaigh le hiomáint. Cé go raibh Cill Chainnigh, curaidh Uile-Éireann, in iomaíocht le Port Láirge, curaidh Sraithe 2015 agus tánaistí Sraithe ’16, i gCluiche Leathchean­nais Éireann, ní raibh méid an tinrimh fiú leath chomh hard le slua an tSathairn. Ní mór a lua go raibh Cluiche Leathchean­nais Mionúr na hÉireann idir Luimneach agus Áth Cliath ar chlár an Domhnaigh leis.

Is trua go raibh freastal chomh suarach ar chluichí na hiomána, cineál masla do cheann de na gnéithe is suntasaí agus is seanda i gcultúr na tíre. Is mithid machnamh a dhéanamh ar an neamhshuim atá ag a lán de lucht leanúna na gCluichí Gaelacha san iomáint. An mbaineann sé le margaíocht? An bhfuil gá le fógraíocht tharraingt­each a mheallfadh idir óg agus fásta?

Arbh fhiú saorchead isteach a thabhairt do dhaoine faoi 16 nó mar sin, ar choinníoll go mbeadh cúpla duine fásta i gceannas ar gach grúpa?

An bhfuil an t-am tagtha chun spéis na gcuairteoi­rí ó thíortha iasachta a dhíriú ar dhraíocht na hiomána?

An bhfuil ról ann do na heagrais atá ag saothrú i saol na turasóirea­chta?

D’fhéadfainn cur leis an liosta mar sciorr a lán ceisteanna isteach i m’aigne fad a bhíos i bPáirc an Chrócaigh ar an Domhnach.

Ní dóigh liom gur bhaineas oiread sásaimh riamh as ócáid spóirt agus a tharla ceithre lá ó shin. Bhí caighdeán na himeartha thar barr, cláraíodh scóranna iontacha a raibh múnla na míorúilte orthu, bhí gal agus gaisce ar séirse, bhí an cur chuige ag na himreoirí fearúil,bhí crógacht le feiscint agus le mothú go minic, bhí mire aigne ar an lucht féachana agus thuig na himreoirí an scéal ón mbuíochas a léiríodh chomh luath agus a séideadh an fheadóg deiridh.

Molaimis gach éinne a raibh baint acu leis an dtaispeánt­as neamhdha saorghlan ó aon rian den tsoiniciúl­acht.

Bheadh íomhá an tSathairn san aigne ceart go leor dá mba rud é nach raibh an Domhnach ar a shála.

Bhaineas i bhfad níos mó taitnimh as an gcluiche idir Maigh Eo agus Tír Eoghain ná an ceann a lean é, Áth Cliath agus Dún na nGall.

Ba léir, i bhfad roimh dheireadh na himeartha, gur ag na curaidh reatha a bheadh an bua.

Níor thuigeas, mar sin, cén gá a bhí leis an gcraos chun léiriú ar phasáil leadránach, a bhí chomh leamh le leá sneachta, a ‘bhronnadh’ ar 80,000 ag mórócáid mar é.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland