Irish Independent - Seachtain

Seachtain den scoth ag an domhan CLG

- MÍCHEÁL Ó MUIRCHEART­AIGH

ÓMháirt go hAoine na seachtaine seo caite reáchtálad­h Comórtais Dhomhanda Chumann Lúthchleas Gael sa bhaile in Éirinn. D’fhéadfaí a rá nach bhfuil ach fad saoil an pheileacái­n ag na cluichí seo go fóill mar níl ann ach bliain ó cuireadh tús leo. In Abú Daibí a bhí an baisteadh agus d’éirigh go seoigh leis an tseoid is déanaí ar phaidrín CLG.

Mar a chéile a bhí i mbliana agus imríodh 256 cluiche san iomlán sula raibh na craobhacha bainte agus na coirn bronnta thart ar chúig a chlog ar an Aoine.

Seachas na cluichí ceannais — ocht gcinn ar fad a imríodh i bPáirc an Chrócaigh — is ar bhánta breátha imeartha Ollscoil Náisiúnta na hÉireann in Belfield a bhí an chuid eile den ‘aicsean’.

Foirne as deich ranna a bhí in iomaíocht sa Tóstal seo de chluichí Gaelacha — Peil na bhFear, Peil na mBan, Iomáint agus Camógaíoch­t. Ní hamháin sin ach bhí fo-ranna ann freisin mar bhí comórtais speisialta d’fhoirne a bhí teoranta do dhaoine nárbh í Éire a dtír dhúchais.

Seo leanas na ranna a bhí páirteach — an Áise, an Meánoirthe­ar, an Astraláise, an Afraic Theas, an Eoraip, an Bhreatain, an Airgintín, Meiriceá Thuaidh, Nua-Eabhrac agus Ceanada.

Bhíos i láthair do na Cluichí Ceannais i bPáirc an Chrócaigh agus maraon leis na daoine go léir a bhí ann, bhaineas an-taitneamh astu. Bhí an t-imeacht eagraithe go beacht agus a dhraíocht féin ag baint leis.

Cén fáth nach mbeadh, leis na himreoirí ag teacht ó na ceithre harda den domhan agus sciar díobh a bhfuil ‘thar lear’ mar sheoladh breithe acu?

Bhí an tUachtarán Aodán Ó Fearaíl ann ó ghiolc an ghealbhain agus is é a bhí gnóthach go maith.

Mar a chéile a bhí ag na huachtarái­n eile, Cáit Ní Náraigh ón gCamógaíoc­ht agus Marie Ní hIceada ó Pheil na mBan.

Spreagúil

Ní dóigh liom go raibh féile iománaíoch­ta chomh spreagúil bríomhar fearúil agus sciliúil ag aon ghlúin de lucht leanúna riamh mar a bhí againne thar an dá dheireadh seachtaine seo caite.

Cill Chainnigh agus Port Láirge a chuir tús leis sa chéad cheann de chluichí leathchean­nais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh, seachtain ón Domhnach seo caite. D’fhéadfadh an t-ionad sa chluiche ceannais bheith bainte ag ceachtar díobh ach bhí an mórphobal an-sásta gur cluiche comhscóir a bhí ann.

I Staid Semple i nDurlas a ‘léiríodh’ an athimirt, cluiche a bhí gach aon phioc chomh tarraingte­ach.

Thugas gné aisteach faoi deara le linn na himeartha agus is é bhí ann ná a laghad úsáide a bhain go leor daoine as na suíocháin a bhí curtha in áirithe acu.

Ní túisce a bhíodar suite ná go rabhadar ar a mbonnaibh arís le gártha molta d’éacht eile a bhí á shú go mear isteach san atmaisféar diamhrach.

Le deireadh imeartha, bhí an ‘pas’ go dtí an cluiche ceannais gafa ag ‘na Cait’ agus b’fhéidir oiread na fríde de chothram na Féinne ag baint leis.

Mar sin féin, creidim go bhfuil 50% den ardmholadh tuillte acu araon.

Mar a chéile a bhí ar an nDomhnach nuair chuaigh Tiobraid Árann agus Gaillimh chun spairne sa chluiche leathchean­nais eile. Is ag na Tiobradaig­h atá an ‘pas’ go dtí cluiche ceannais na tíre agus an áibhéil ag méadú gach aon lá a gheallann. Impímis ar imreoirí eile aithris a dhéanamh ar mheon na n-iománaithe.

PS: Is duine ar leith i measc phobal imeartha na peile é Rian Ó Brolcháin nó Ryan Bradley anois — an t-aon imreoir a bhfuil bonn Uile-Éireann sa Pheil Sinsear aige (Dún na nGall 2012) agus Bonn Peile Domhanda aige chomh maith, bonn a ghnóthaigh sé le Foireann an Mheánoirth­ir i mbliana i bPáirc an Chrócaigh.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland